Skip to content

Oidhreacht Éireann

Pádraig Mac Piarais agus Teach an Phiarsaigh

Cillian de Grás headshot

Cillian de Grás

Doorway of Patrick Pearse’s Cottage

Tháinig Pádraig Mac Piarais chun siúil ar dtús mar gníomhaí teanga. Óna óige bhí dúil aige sa Ghaeilge. Chláraigh sé le Conradh na Gaeilge, a bhí ag obair ar son caomhnú na teanga sna háiteanna a bhí sé fós beo, agus a h-athbheochan in áiteanna eile. De réir a chéile fuair an Piarsach céim in airde san eagraíocht. Ceapeadh é ar an Coiste Gnó in 1898, agus i 1903 agus é in aois a 23,  ceapadh é ina eagarthóir ar phaipéir nuachta an Chonradh, An Claidheamh Soluis.

I 1900 ba é Conamara ceann de na Gaeltachtaí is láidre sa tír. Ar an dtaobh eile de, bhí se mar cheann de na ceantracha is boichte sa tír, agus chuir leithéidí an iris Punch stiogma ar muintir na háite mar phobail bocht, aineolach agus dáinséarach. Thug múinteoir scoile áitiúl cuireadh don Piarsach cuairt a thabhairt ar Ros Muc don chéad uair i 1903. Bhí craobh den Chonradh bunaithe aige sa cheantar agus bhí léamh agus scríobh na Gaeilge á teagasc aige do dhaoine fásta na háite, rud nach raibh ar clár oifigiúl na scoile an t-am sin. Thit an Piarsach i ngrá leis an áit agus an pobail láithreach. D’fhill sé i Mí an Mheitheamh agus chonaic sé thinte cnámh Oíche Eoin, agus d’fhill se ar Ros Muc chuile shamhradh in a dhiadh sin.

Cheannaigh an Piarsach píosa talún dó féin ar bruach Loch Oiriúlach i 1905, agus críochnaíodh an teach faoi 1909. Bhí sé súntasach gur roghnaigh Bl’áth Cliathach mean-aicmeach cosúil leis an Piarsach a gcuid saoire a chaitheamh i teach ceann-tuí, teach na mboicht mar a dheartar ag an am. Ach bhí meas uafásach ag an bPiarsach  ar mhuintir Ros Muc, agus theastaigh uaigh marachtáil in a measc a mó is a d’fhéadfá. Dúirt sé le cara leis: ‘D’fhéadfadh bheith anseo againn ríocht beag Gaelach dár gcuid fhéin.’

Is cuimhin le Colm Ó Gaora, a bhí ina gasúr an t-am sin, mar a chaith an Piarsach a gcuid ama: ‘Ní ar chúl ar téarma a théadh an Piarsach i measc na ndaoine san áit. Ba é bothán an duine bhoicht a thaithíodh sé, ag caint is ag seanchas leis na seanfhundúirí ar leac an teallaigh, ach ní b’iondúla fós ag éisteacht agus ag cronú na saoithiúlachta a bhí ag baint leo.’

Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh Exterior with views of Conamara

Chum an Piarsach roinnt drámaí agus gearrscéalta, an cuid is mó acu suite sa cheantar timpeall ar a theach i Ros Muc. D’úsáid sé na logainmneach macálach áitiúl lena scéalta a fréamhú go daingean i gcré Chonamara. Tá na daoine sna scéalta bocht, ach tá siad ionraic agus díograsach ina gcuid oibre. Is minic gurb iad na gasúr príomh-carachtairí na scéalta. Bíonn siad fointrach agus samhaltach, ach ní bhíonn siad i bhfad riamh ó chosaint a muintire.

D’fhéadfá rá gur radharc ídéalach a bhí aige ar mhuintir Gaeltacht Chonamara, agus is cinnte go raibh fíor-chionn aige orthu. Chuir a chaoi inár theip an córas oideachas galda ar pháistí Gaeltachta olc ar leith air: ‘Is é an páiste Gaeltachta in nith beo is tábhachtaí  inniu in Éireann… Tá an cumhacht aisteach aige ann fhéin an oidhreacht atá  fós ag fás a chuir ar aghaidh ag glúinte gan áireamh… Gach lá agus gach uair-a-chloig, tagann muid idir é fhéin agus slánú a cinniúnt. Déanann muid é seo gach uair a labharann muid Béarla leis ina baile fhéin; nuair a múineann muid an caticeasma Béarla dó san eaglais agus seanmóir Bearla a fhógairt ón altór, nuair a chuireann muid ar scoil é ina léigheann sé, litríonn sé, saothraíonn sé, labharann sé agus labhartar leis — ní scríobhann muid múintear é — ó maidin go hoíche as Béarla. Le críoch a chuir leis maraíonn muid an splanc riachtanach Eireannachas atá ann.’

Patrick Pearse's Cottage

Ar ais i mBaile Átha Cliath, bhí an Piarsach ag éirí níos radacaí. Bhí sé ag súil le Féin Riall, agus bhí dóchas aige go tugfadh sé smacht ar an gcóras oideachas, ar a raibh an oiread gearán déanta aige faoi, ag pairlimint i mBaile Átha Cliath. Chuir teipeadh Féin Riall díomá úafásach air, agus cheap sé anois gurb é neamhspláchas iomlán an t-aon rud a chuirfeadh tús le hathbheochan cultúrtha. Sna blianta roimh an Chogadh Mhór, scaip cultas na ngunnaí ar fud na hEorpa, agus cosúil le na milliúin Eorpaigh eile, ghlac an Piarsach leis le díogras. I 1914 ghlac sé ballraíocht san Bráithreachas Éireannach Poblachta a bhí ag ullmhú éirí amach in aghaidh smacht na Breataine.

Chuaigh cara agus comhalta an Piarsach Desmond Ryan leis ar a cuairt deireanach ag a theach i Ros Muc i 1915. Ba chuimhin le Ryan saoire taitneamhach inar thug siad faoi turais rothaíochta fada, agus comhrá dlúth polaitíochta. Chuir nuacht as Meiriceá isteach ar an saoire; bhí an sean-Fhinín Jeramiah O’Donovan Rossa tar éis bás. Bhí sé le cuir i mBaile Átha Cliath agus iarradh ar an Piarsach óráid a thabhairt. Chaith an Piarsach a sheachtain deireanach i Ros Muc ag cumadh na hóráide. Dhún sé doras an teach ina dhiadh agus d’fhill sé ar Baile Átha Cliath leis na focail fíochmhar a leag amach an stáitse don Éirí Amach a fhógairt: ‘mo thrí thrua naoi n-uaire a mbaois – d’fhágadar seilbh againn ar mhairbh na bhFiann agus fad a bheidh taisí na bhfear sin in úir na hÉireann ní bheidh Éire, in uireasa na saoirse, go brách ar suaimhneas.’

Faoin tÚdar

Is é Cillian de Grás Bainisteoir Suíomha Dhún Aonghasa agus Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, Conamara. Rinne sé staidéar ar Stair agus An Léinn Cheilteach agus Meán Aoiseach in Ollscoil Mhá Nuad agus Coláiste na Trionóide, Baile Átha Cliath. Tá tréimhsí caite aige ag obair in Ard-Mhúsaem na hÉireann, Iarsamalann Hunt, agus Teach Bhaile an Chaisleán, agus tá píosaí foilsithe aige ar stair agus litríocht na Meanaoise. Tá sé ag cuir faoi in Árainn, lena chlann.

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.