Doe Castle

Caisleán na dTuath

Sonraí Teagmhála

Seoladh: Cuan na gCaorach, Co. Dhún na nGall

Ríomhphost: info@heritageireland.ie

Uaireanta Oscailte

Na tailte máguaird, gan an túrtheach san áireamh
Ó 9am – 6pm gach lá

Le cuidiú ó ghrúpa pobail áitiúil, Moving Mevagh Forward, cuirtear turais threoraithe den túrtheach ar fáil ón Aoine go dtí an Domhnach i rith mí Iúil agus mí Lúnasa.

Táillí Isteach

Saor in aisce

Áiseanna

Níl

Tá Caisleán na dTuath suite go cluthar taobh istigh de Chuan na gCaorach, i suíomh álainn cois farraige in aice an Chraoslaigh, Co. Dhún na nGall. Bhí sé ina dhaingean ag Clann Mhic Shuibhne ar feadh thart ar 200 bliain. As Albain mar Ghallóglaigh a tháinig na Suibhnigh ar dtús, saighdiúirí tuarastail a throid den chuid is mó d’Ó Dónaill. Clann tSuibhne na dTuath a tugadh ar thaoisigh an cheantair seo. Caisleán na dTuath a tugadh ar an gCaisleán anseo dá réir.

Déantar tagairt do Chaisleán na dTuath den chéad uair sna hAnnálacha in 1544, ach is dócha gur tógadh an túrtheach roimhe sin. Deir roinnt gurb é Neachtan Ó Dónaill a thóg é in 1425. Fálaíodh é le bábhún ina raibh taobhthógáil agus poill lámhaigh ann, agus bhí uisce ar an trí thaobh eile. Gearradh díog dhomhain sa charraig chun an caisleán a chosaint ar thaobh an talaimh. Cuireadh síneadh leis an túrtheach i dtreo an deiscirt agus an oirthir níos déanaí.

Tá sé ráite gur cuireadh fáilte rompu siúd a tháinig slán ó longbhriseadh Armáid na Spáinne i gCaisleán na dTuath agus bhí Aodh Rua Ó Dónaill ar altramas anseo ina óige leis an dara hEoghan Óg.
Rinneadh Taoiseach de Mhaolmhuire an Bhata Bhuí i gCaisleán na dTuath sa bhliain 1598. Mháirseáil seisean ó dheas go Cionn tSáile le hAodh Rua in 1601. D’athraigh seilbh an chaisleáin go minic i ndiaidh na tubaiste sin.
Is ann a bhí ceanncheathrú Sir Cathair Uí Dhochartaigh nuair a d’ionsaigh sé Doire in 1608 ach bhí Clann Mhic Shuibhne ar ais arís faoin mbliain 1642, nuair a tháinig Eoghan Rua Ó Néill i dtír anseo ar fhilleadh dó ón Spáinn.
Tháinig George Vaughan Harte i seilbh an chaisleáin i dtreo dheireadh an 18ú haois. Dheisigh sé na ballaí agus thóg sé an bealach isteach nua ar an taobh thoir den túrtheach. Tá a chuid inisealacha le feiceáil os cionn an dorais go fóill. Throid seisean i gCogadh Saoirse Mheiriceá agus san India sular ceapadh ina fheisire parlaiminte do Dhún na nGall é go dtí 1831.
Cheannaigh Stíobhard na hArdadh an eastát ina dhiaidh sin agus lig seisean ar cíos le tionóntaí éagsúla é. Tréigeadh ar deireadh é in 1890 agus thit sé i léig. Cheannaigh Coimisiún Talún na hÉireann é in 1932 agus tugadh ar láimh d’Oifig na nOibreacha Poiblí é in mí Iúil 1934.

Is é is dócha gur féidir an dáta 1544 a leagan le leacht uaighe Mhic Shuibhne istigh sa túrtheach. Tá cros an-mhaisithe snoite ann le trilseán dúbailte ar an seafta. Tá an cloigeann feistithe le lárphíosa fite agus seacht bhfoirceann ar chuma sleánna. Tá ainmhithe, éan mór, agus ceithre shnaidhphatrún léirithe le taobh na croise.
Thángthas ar an leac seo agus damáiste déanta di sa reilig in aice láimhe, agus tugadh isteach sa chaisleán í ar mhaithe lena cosaint in 1968. Tá obair speisialta déanta ar an leac chun í a chaomhnú agus nuair a rinne an OOP go leor obair caomhnaithe ar an láthair cuireadh in áit ar leith sa túrtheach í.

Tá leac eile de chuid na Suibhneach le fáil in aice le hEaglais Naomh Caitríona sna Cealla Beaga.

Féilire Imeachtaí



Uirlisí

  • Priontáil an leathanach seo
  • Leabharmharc an leathanach seo