Oidhreacht Éireann

Tháinig méadú ar an OOP le linn an Ghorta Mhóir, 1845–52, nuair a d’eagraigh sí oibreacha fóirithinte, cineál carthanais phoiblí ar bhain tógáil bóithre agus tionscadal dá leithéid leis. Nuair ba threise an gorta fostaíodh leathmhilliún duine sna hoibreacha seo,

Sna 1850idí, thosaigh an t-eagras ag glacadh freagrachta as beairicí póilíní, stáisiúin gharda cósta, scoileanna, oifigí poist, foirgnimh chustam, na hollscoileanna ríoga agus tithe na ngealt, mar a tugadh orthu ag an am. Ba iad na foirgnimh aitheanta ar Charraig Phádraig i gContae Thiobraid Árann na chéad Séadchomharthaí Náisiúnta ar ghlac an Stát cúram orthu i mí Dheireadh Fómhair 1874. Tugadh an t-údarás foriomlán i dtaca le gach Séadchomhartha Náisiúnta in Éirinn don OOP le reachtaíocht in 1882, agus tosaíodh i gceart lena gcaomhnú ar mhaithe leis na glúnta a bhí le teacht.

Thóg an OOP foirgnimh phoiblí mór le rá amhail an Músaem Náisiúnta agus an Leabharlann Náisiúnta i ndeireadh an naoú haois déag agus i dtús an fhichiú haois. Sna 1980idí agus 1990idí ghlacamar le coimisiúin phoiblí ollmhóra lena n-áirítear forbairt Chaisleán Bhaile Átha Cliath agus athchóiriú Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann.

Tá freagracht 780 láthair oidhreachta, a bheag nó a mhór, orainn. Ina measc tá tuamaí réamhstairiúla, séipéil mheánaoise, caisleáin Normannacha, muilte tionsclaíochta agus gairdíní stairiúla a bhfuil gradaim bainte acu.

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.

Seol