Skip to content

Oidhreacht Éireann

We adopt a sustainable approach to the work we do and are passionate about quality. We take great pride in our work and are committed to best practice across the vast range of disciplines necessary to protect and present our heritage, from conservation architects to librarians, craft stone masons and carpenters to fine art conservators, guides to gardeners. We endeavour to make the very best use of our resources, be they our people or our finances, in order to ensure that the Irish people get the greatest benefit from the legacy they have entrusted to our care.

Is iadiad seo a leanas príomhréimsí ár n-obair: :

  1. 1/9

    Cuirimid eispéiris léirmhíniúcháin údarách d’ardchaighdeáin ar fáil inár láithreacha oidhreachta ar mhaithe le cuairteoirí agus turasóirí araon.

    Exhibition area inside the visitor centre
    Exhibition area inside the visitor centre
  2. 2/9

    Tacaímid leis an oideachas trí go leor tionscnamh spreagúil a chur ar fáil ar láithreacha, go náisiúnta agus go háitiúil.

    Halloween at Aughnanure Castle 2018
  3. 3/9

    Forbraímid agus cuirimid i bhfeidhm cuir chuige agus caighdeáin dea-chleachtais i leith cur chun cinn, cosaint agus bainistiú inbhuanaithe an eastáit oidhreachta. 

    Work being carried out at Skellig Michael by OPW’s National Monuments District
    Work being carried out at Skellig Michael by OPW’s National Monuments District
  4. 4/9

    Tugaimid aire do chnuasaigh thábhachtacha éagsúla ealaíne agus déantúsán agus cuirimid chun cinn iad. Tá sé de phribhléid againn cúram go leor eiseamláirí spéisiúla de tháirgeadh ealaíne agus cultúrtha na hÉireann agus an domhain a bheith orainn, lena n-áirítear téastair an stáit ón seachtú haois déag i gCaisleán Bhaile Átha Cliath agus eagráin de shaothar criadóireachta Picasso i nGailearaí Theach Gléibe i gContae Dhún na nGall.

    View of paintings and chandeliers hanging in the Dublin Castle State Drawing room
    The State drawing room
  5. 5/9

    Níl sárú ár gclár cultúrtha le fáil. Tá sceideal imeachtaí den scoth againn, ina measc raon leathan taispeántas ealaíne agus staire, taibhithe ag compántais amharclannaíochta agus ceoltóirí de sheánraí éagsúla den chéad scoth agus turais speisialta ar ár láithreacha iontacha.

    Light show at Kilkenny Castle during the Kilkenny Arts Festival
    Kilkenny Arts Festival — ‘Light Show’ at Kilkenny Castle
  6. 6/9

    Tugaimid faoi obair eolaíochta thábhachtach, go háirithe maidir le caomhnú plandaí.   I nGarraithe Náisiúnta na Lus, mar shampla, tá saotharlann taighde DNA againn chomh maith le cnuasach plandaí a mbaineann suntas idirnáisiúnta leis. San áireamh tá thart ar 300 speiceas ó áiteanna ar fud an domhain atá i mbaol, ina measc cinn nach bhfuil fáil orthu sa bhfiantas níos mó. Tá ár bhfoireann saineolaithe gníomhach i mbun taighde, agus iad ag fáil amach faoi speicis nua agus ag fiosrú an tslí is fearr leis na speicis atá faoi bhagairt a chaomhnú.

    detail shot in DNA research lab at the National Botanic Gardens Glasnevin
  7. 7/9

    Déanaimid comhoibriú le hIonad Oidhreachta Domhanda UNESCO agus cúram á dhéanamh againn den dá Láthair Oidhreachta Dhomhanda atá in Éirinn, Sí an Bhrú agus Sceilg Mhichíl. Bíonn ár bhfoireann an-oilte ag obair go dian chun pobal an domhain a chur ar an eolas faoi luach cultúrtha agus stairiúil dochreidte na láithreacha seo agus chun iad a choimeád slán do na glúnta atá le teacht. 

    Low lying view of the front the Newgrange monument
    In 1993, Newgrange and its sister sites Knowth and Dowth were designated a World Heritage Site by UNESCO.
  8. 8/9

    Oibrímid go dlúth lenár bpobail áitiúla. Déanta na fírinne, bímid ag brath ar dhaoine i ngach cuid d’Éirinn chun cuidiú lena suíomhanna stairiúla áitiúla a chosaint agus a thaispeáint do chuairteoirí.

    Guided tour taking place on the Great Blasket Island.
  9. 9/9

    Cuirimid foilseacháin den scoth ar fáil chun cur leis an mbonn eolais oidhreachta agus chun freastal ar riachtanais cuairteoirí.

    A range of Heritage Ireland publication covers.

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.