Skip to content

Oidhreacht Éireann

Táimid meáite ar aird a thabhairt ar riachtanais na bhfoirgneamh, na gcnuasach agus na dtírdhreacha sin agus ar chaighdeáin chaomhantais den scoth a chur i bhfeidhm go seasmhach. Léirítear an cur chuige céanna i ngnéithe eile dár gcuid oibre, amhail treorú turas, léiriú cnuasach, an ghairneoireacht, an foilsiú agus an léirmhíniú.

Tá foireann an-oilte a bhfuil taithí acu i gcroílár ár n-éitis. Tá gach duine atá ag obair linn tiomanta dár bhfís, ár luachanna lárnacha ina gceann acu agus iad tiomanta do na háiteanna ar leith a ndéanann siad freastal orthu. Déanaimid cinnte de go bhfostaítear cleachtóirí den scoth i raon leathan réimsí. Tá saineolas daoine gairmiúla a bhfuil scileanna traidisiúnta acu ar fáil againn lena chinntiú go ndéantar oibreacha caomhantais agus aird á coimeád ar an iontaofacht; ina measc tá saoir chloiche, snoíodóirí cloiche, siúinéirí, agus crannadóirí. Le taobh na scileanna traidisiúnta sin tá ábaltachtaí nua-aimseartha, amhail úsáid na teicneolaíochta nuálaí chun foirgnimh stairiúla a shamhaltú.

Chomh maith leis sin, bainimid úsáid iomlán as na scileanna atá ar fáil i ngníomhaireachtaí agus i ranna chun ár misean caomhantais a chomhlíonadh. Bíonn ionchur ríthábhachtach ag an bhfoireann seandálaíochta ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta sna tionscadail a bhíonn idir lámha againn agus san ábhar stairiúil ardchaighdeáin i gcomhair ár bhfoilseachán. Cuidíonn an Roinn linn, freisin, i dtaca le hábhair thaighde a bhíonn an-luachmhar agus ár dteachtaireacht faoi thábhacht an chaomhantais á scaipeadh againn.

Is cuid eile ríthábhachtach dár ról atá sa taighde agus tá ár saineolaithe ina gceannródaithe sa dul chun cinn eolaíochta agus teicneolaíochta. Réimse tábhachtach iniúchta is ea an luibheolaíocht. Ar chuid mhaith dár láithreacha, bíonn foirne luibheolaithe páirteach i gcláir idirnáisiúnta taighde chomhoibríocha. Díríonn siad sin ar an mbithéagsúlacht a fheabhsú, gnáthóga a chaomhnú agus forbairt spás cónaithe a chur chun cinn ar mhaithe le tairbhe agus taitneamh na nglúnta atá le teacht.

Is fiú aird speisialta a tharraingt ar Gharraithe Náisiúnta na Lus i nGlas Naíon agus  i gCill Mochura. Tá os cionn 300 speiceas atá i mbaol ó áiteanna ar fud an domhain cuimsithe sa chnuasach plandaí den scoth, lena n-áirítear 6 cinn atá díothaithe cheana sa dúlra. San am céanna tá beagnach 750,000 eiseamal planda triomaithe bailithe le chéile ag an Luslann Náisiúnta. Tá saotharlann taighde DNA gníomhach ann chomh maith. Is foinse thagartha ar leith atá iontu siúd le chéile, agus foinse ríthábhachtach, chomh maith, – an Áirc don todhchaí.

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.