Skip to content

Oidhreacht Éireann

Féach ar láithreáin le háirithintí ar líne

Aimsigh iarsmaí tuamaíréamhstairiúil . Samhlaigh na sceitimíní a chuirfí ort agus tú ag iarraidh caisleán a chosaint. Téigh ag siúl trí hallaí meánaoiseacha. Cuir dúspéis i suaimhneas gairdíní ón seansaol agus i mbreáthacht eastát mór.

Tá an saol mar a bhí linn inniu.

Inspioráid

Agus os cionn 90 áit iontach le cuairt a thabhairt orthu, beidh eachtraíocht romhat i gcónaí.

Tá go leor le tairiscint ag oidhreacht na hÉireann do gach duine, idir shéadchomharthaí ársa agus thearmainn mhainistreacha agus idir chaisleáin mhaorga agus láithreacha troda réabhlóideacha. Lean lorg na mílte taistealaí ar thuras go dtí saol éachtach na hÉireann san am atá caite.

Rochtain

Táimid tiomanta d’fheabhas a chur ar an rochtain do dhaoine faoi mhíchumas. Caith súil ar a bhfuil á dhéanamh againn lena chinntiú go mbíonn gach duine ábalta taitneamh a bhaint as na rudaí iontacha mealltacha atá againn.

Tuilleadh eolais

Báúil leis an Céadfaí

Láraigh do spiorad trí chuairt a thabhairt ar áiteanna stairiúla dár gcuid, ar áiteanna iad atá báúil leis na céadfaí. Braith an suaimhneas a bhaineann le radharc tíre lánléargais, le fothracha ciúine nó an tsíocháin a bhaineann le gairdíní faoi chlúdach dathanna. Buail fút ar feadh tamaill agus faigh boladh álainn cumhra na bplandaí. Lig do cheol na n-éan, do shiosarnach na nduilleog agus don uisce a shileann go bog trí na gnéithe uisce ugach a thabhairt duit chun maireachtáil go hiomlán i do thimpeallacht nádúrtha. Más duine thú a bhaineann taitneamh nó tairbhe as timpeallacht shéimh, shuaimhneasach, seo roinnt áiteanna a mbainfidh tú an-sásamh go deo astu.

Tuilleadh eolais

Unique Experiences

Delve deeper into Ireland’s heritage with a ‘Unique Experience’ at four historic locations. 

Find out more

Dúnadh

Déanaimid ár ndícheall lena chinntiú go mbíonn ár láithreacha stairiúla i gcónaí réidh le fáilte a chur roimh chuairteoirí. Ó am go chéile, áfach, tarlaíonn rud éigin nach mbíonn súil leis nó nach féidir a sheachaint agus ciallaíonn sin go gcaitear láthair a dhúnadh ar feadh tréimhse ghearr. Faigh eolas suas chun dáta faoi dhúnadh ar bith anseo.

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.