Skip to content

Oidhreacht Éireann

Buaicphointí Caisleán Chairlinn (8)

  1. Ionad Oidhreachta Chairlinn

    Ionad Oidhreachta Chairlinn

    Tugann an tIonad Oidhreachta réamhrá iontach ar Chairlinn. Breathnaigh ar an taispeántas breá de cáipéisí stairiúla, léarscáileanna agus líníochtaí a léiríonn stair an bhaile. Tá an foirgneamh ón tríú haois déag agus cuireadh leis arís agus arís eile. Faoi thús an naoú haois déag b’eaglais de chuid Eaglais na hÉireann í. Rinneadh athchóiriú den scoth air i 1992 chun ionad oidhreachta, ealaíon agus pobail den scoth a sholáthar. Tá sé ina láithir anois le haghaidh gach ócáid ó cheolchoirmeacha agus chainteanna go cruinnithe agus searmanais bhainise sibhialta.

  2. An Baile Meánaoiseach

    An Baile Meánaoiseach

    Tá go leor dá charachtar meánaoiseach draíochtach fós ag Cairlinn. Tá go leor foirgneamh ón tréimhse idir an tríú haois déag agus an séú haois déag fós linn chun scéalta faoi lonnaíocht mhainistreach agus rath Normannach a insint dúinn Siúil ar shráideanna an bhaile, atá dorcha, cnocach agus caol i gcodanna, agus téigh ar ais na céadta bliain go dtí an clampar beoga na meánaoiseanna.

  3. Halla an Baile

    Halla an Baile

    Féach timpeall ort agus tú ag siúl trí Chairlinn ionas go bhfeiceann tú iarsmaí na struchtúr breá lena leagtar amach an baile meánaoiseach. Is é Halla an Baile, b’fhéidir an struchtúr is tábhachtaí ina measc, an t-aon gheata baile a mhaireann i gCairlinn, agus ceann den líon beag de gheataí dá chineál atá fós le feiceáil in Éirinn. Ba chuid de mhúrtha an chúigiú haois déag é agus úsáideadh mar phointe bailiúcháin dola. San ochtú haois déag is priosún a bhí ann d’aon duine a sháraigh an dlí.

  4. An Mionta

    An Mionta

    Bronnadh an ceart chun boinn a bhuaileadh ar Chairlinn sa bhliain 1467, ach droch-seans gur úsáideadh an Mionta chuige seo riamh. Déanta na fírinne, is dóichí gur úsáideadh an teach seo ón gcúigiú haois déag / ón séú haois déag mar áit chónaithe do theaghlach saibhir ceannaíochta. Amharc ar a chúig fhuinneog aolchloiche, a bhfuil go leor maisiúcháin orthu i bpatrúin agus i móitífeanna ón séú haois déag – sampla iontach de thionchar na hAthbheochana Ceiltí ar ealaín na tréimhse seo.

  5. Caisleán Taaffe

    Caisleán Taaffe

    Bheadh ceannaitheoirí saibhre ina gcónaí i gCaisleán Taaffe, ceann eile d’fhoirgnimh stairiúla iontacha Chairlinn, i ré na Normannach a tháinig níos déanaí. Is dóigh go ndearnadh gnó ar an leibhéal is ísle, agus go raibh na húinéirí ina gcónaí ar na hurláir os a chionn. Tógadh an caisleán ina dhá chéim sa séú haois déag agus bhí sé ina bhaile do mhuintir Taaffe, a déanadh Iarlaí Chairlinn dóibh sa bhliain 1661. Is cuid riachtanach évd’aon chuairt ar an mbaile beag iontach seo.

  6. An Mhainistir Dhoiminiceach

    An Mhainistir Dhoiminiceach

    Bunaíodh an mhainistir a bhí tiomnaithe do Mhaolmhaodhóg i gCairlinn sa bhliain 1305, agus is ceann de na fothracha is sine i gCairlinn é. Is fiú na hiarsmaí atá fágtha a fheiceáil. Is éard atá sna fothracha ná meánlann agus saingeal agus túr eatarthu, ina bhfuil muileann, tarae agus linn mhuilinn i dtreo an oirdheiscirt. Dhíscaoil Anraí VIII an mhainistir sa bhliain 1540; ansin bhí na Doiminicigh agus na Proinsiasaigh in aighneas le chéile faoi, sular réitigh Oliver Plunkett an conspóid. Tréigeadh an mhainistir san ochtú haois déag, nuair a bhog an t-ord Doiminiceach go dtí an áit ina bhfuil siad faoi láthair i nDún Dealgan.

  7. Glasbhealach Mór an Oirthir

    Glasbhealach Mór an Oirthir

    Agus líne an sean bhóthar iarann a cheangal Cairlinn le sráidbhaile Ó Méith á leanúint aige den cuid is mó, tá Glasbhealach an Oirthir Mhóir seacht gciliméadar ar fhad. Tosaíonn an tsiúlóid ag Muiríne Cairlinn agus téann sé thart le himeall Loch Cairlinn faoi scáth Shliabh Feá san iarthar. Ar an taobh thoir, ar an taobh eile den fjord, tá na Beanna Boirche maorga. Bain sult as na radharcanna iontacha sléibhe agus farraige ar an mbealach suaimhneach seo, atá lán le fiadhúlra, crainn agus bláthanna. Tá an bealach oiriúnach do gach cineál siúlóra, lena n-áirítear teaghlaigh agus tosaitheoirí.

  8. Téigh ar Shiúlóid – Coillte Shliabh Feá agus Bealach na Tána

    Téigh ar Shiúlóid – Coillte Shliabh Feá agus Bealach na Tána

    Is áit iontach í Cairlinn le haghaidh siúlóide agus tá go leor rianta grádaithe ann. Is féidir na cinn is boige a fháil in aice leis an mbaile, agus beidh na bealaí níos dúshlánaí ar fhánaí Shliabh Feá agus trí Shléibhte Chuaille. Is fiú na hiarrachtaí seo a dhéanamh chun breathnú ar radhairc Loch Cairlinn agus ar na Beanna Boirche. Is rogha mhaith do theaghlaigh í siúlóid lúb an Choimín, a thógann tú suas os cionn an bhaile go dtí taobhanna oscailte na sléibhte, ach cuimhnigh aire a thabhairt ar na bóithre cúnga nuair a fhágann tú agus nuair a fhilleann tú ar an mbaile. Is siúlóid níos dúshlánaí do shiúlóirí cleachtaithe é Bealach na Tána, ach beidh radhairceanna iontacha ar Shléibhte Chuaille, Cuan Dhún Dealgan, Loch Cairlinn agus na Beanna Boirche mar cúiteamh acu.

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.