Skip to content

Oidhreacht Éireann

Crannlann agus Gairdíní Fhóite

Téigh ag fámaireacht thart ar ósais oileánda de fhlóra neamhchoitianta andúchasacha

Áirithint ar líne

Amanna oscailte go léir

Crannlann agus Gairdíní Fhóite

Téigh ag fámaireacht thart ar ósais oileánda de fhlóra neamhchoitianta andúchasacha

BOOK ONLINE

See all opening times

Cead isteach

Tabhair faoi deara le do thoil nach gclúdaíonn 
Cárta Oidhreachta OOP iontráil go dtí an Teach , 
níl aon táille iontrála ar na Gairdíní.

 

Áirithint ar líne

Getting here

Oileán Fota
Carraig Thuathail
Co. Chorcaí
T45 K656

Get Directions

Crannlann agus Gairdíní Fhóite

Ní mór do dhuine ar bith a bhfuil suim aige nó aici sa ghairneoireacht cuairt a thabhairt ar chrannlann agus ar ghairdíní Oileán Fhóite, 16 chiliméadar amach ó lár chathair Chorcaí.

Síneann an chrannlann amach thar 11 heicteár agus tá ceann de na bailiúcháin is breátha ann de chrainn agus de thoir neamhchoitianta leochaileacha atá ag fás amuigh faoin aer san Eoraip. De bharr na coinníollacha uathúla atá ag Fóite – ithir the agus suíomh foscúil – fásann mórán samplaí iontacha de phlandaí andúchasacha ón leathsféar theas go maith ann.

Mar chuid de na gairdíní tá gnéithe fíoráille mar an linn ornáideach, gairdíní pléisiúir foirmiúla, teach oráistí agus teampall gréine. Ba é James Hugh Smith-Barry a leag amach iad sa chéad leath den naoú haois déag. Tá Teach Fhóite, teach sinseartha chlann Smith-Barry, fós ina sheasamh. Ar an oileán céanna leis an teach, an chrannlann agus na gairdíní tá óstán agus ionad saoire gailf agus páirc fiadhúlra.

Uaireanta Oscailte

Oscailte ó cheann ceann na bliana ag na hamanna atá tugtha thios.

Turais faoi Threoir:  Trí shocrú amháin, Luan – Aoine

Meánfhad Turais: 1 – 2 uair an chloig

Fógra

Dúnta laethanta saoire na Nollag

Uaireanta Oscailte Séasúracha

Crannlann

Aibreán – Deireadh Fómhair
Gach lá 09:00 – 18:00

Samhain – Márta
Gach lá 09:00 – 17:00

Teagmháil

Oileán Fota
Carraig Thuathail
Co. Chorcaí
T45 K656

046 942 2776

Tabhair cuairt anseo

Oileán Fota, Cuan Chorcaí. Neas. 14 ciliméadar ó Chathair Chorcaí ar bhóthar an Chóibh  Seirbhís rialta traenach ó chathair Chorcaí go stáisiún Fota.

Oscail suíomh i Google Maps

Roghnaigh modh taistil

Áiseanna

  • Carrchlós
  • Leithris

Srianta

Suíomhanna cóngarach

B’fhéidir gur mhaith leat freisin

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.