Dún Aonghasa
Ceann de na dúnta is suntasaí in iarthar na hEorpa
Ionad dúnta
Dúnta de bharr srianta Covid 19.
Cead isteach
Duine Fásta: €5.00
Grúpa agus Seanóir: €4.00
Leanbh / Mac Léinn: €3.00
Ráta Teaghlaigh: €13.00
Cead isteach saor in aisce nuair atá tú ag fanacht thar oíche ar an oileán, i lóistín atá ag glacadh páirt.
Dún Aonghasa
Óna shuíomh contúirteach os cionn na farraige ar bhruach aille rite, tugann Dún Aonghasa a aghaidh go dána ar an Aigéan Atlantach. Tá sé ar an dún réamhstairiúl is mó ar Oileáin Árann.
Tá trí chlaí cloiche cosanta ollmhóra sa dún. Taobh amuigh díobh tá chevaux-de-frise – is é sin, banda dlúth de chlocha spiacánacha ina seasamh, agus na mílte acu ann. Is bealach thar a bheith éifeachtach é le hionróirí a choinneáil amach, téann an chevaux-de-frise timpeall an dún iomláin ó aill go haill.
Tá Dún Aonghasa ann le breis agus 3,000 bliain. Nochtaigh tochailtí fianaise shuntasach de mhiotalóireacht réamhstairiúil, chomh maith le roinnt tithe agus adhlachtaí. Rinneadh an súiomh ar fad a athdhaingniú in AD 700-800.
Mar chuid den chuairt beidh siúlóid ghearr thar thalamh atá ag dul in airde, agus carraig gharbh nádúrtha, mar sin, bí ullamh le buataisí nó bróga láidre siúil. Bí cúramach freisin, agus tú ag siúl gar don aill – níl aon sconsa ná bacainn ag imeall an titim 87 méadar.
Buaicphointí

Gailearaí
Uaireanta Oscailte
Oscailte i rith na bliana
Meánfhad cuairte: Uair go leith
Uaireanta Oscailte Séasúracha
- Eanáir – Márta
09:30 – 16:00
- Aibreán – Deireadh Fómhair
09:30 – 18:00
- Samhain – Nollaig
09:30 – 16:00
Fógra
Eolas Slándála: Tá beagnach 1km idir Ionad Dhún Aonghasa agus an dún fhéin. Tá an cosán déanta as gairbhéal garbh. Ag an 100m deirineach tá ort dreapadh thar chéimeanna cloiche nádúrtha. D’fhéadfadh sé bheith sleamhain anseo, ach go háirithe agus tú ag teacht anuas. Ní mór bróga láidire a bheith ort. Níl aon bhacaint ag imeall na h-aille.
Teagmháil
Cill Mhuirbhigh
Inis Mór
Oileáin Árann
Co. na Gaillimhe
H91 YT20
099 61008
dunaonghasa@opw.ie
Áiseanna
- Caifé
- Taispeántas
- Turais threoraithe
- Taispeántas léirmhínitheach
- Leithris
Srianta
- Rochtain Theoranta
- Fan ar ais ón imeall
- Siúlóidí míchothrom
Suíomhanna cóngarach
Dún Aonghasa
Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, Conamara – Teach an Phiarsaigh
Teachín ar maos sa stair réabhlóideach agus i gcultúr na nGael
Timpeall 30.8 km ón Dún Aonghasa
Caisleán Achadh na nIúr
Seoid stairiúil i gcroílár Chonamara
Timpeall 46.1 km ón Dún Aonghasa
Lárionad Inis Cathaigh
Lorg Naomh Seanán
Timpeall 59.4 km ón Dún Aonghasa