Mainistir Sheireapúin
Ceann de na fothracha Cistéirseacha is breátha in Éirinn
09:00 – 17:30
Rochtain laghdaithe
Taobh amuigh amháin ar oscailt.
Cead isteach saor in aisce.
Cead isteach
Duine Fásta: €5.00
Grúpa & Seanóir: €4.00
Páiste / Mac Léinn: €3.00
Teaghlach: €13.00
Mainistir Sheireapúin
Bunaíodh Mainistir Sheireapúin sa dara haois déag agus tá sí ar cheann de na samplaí is fearr de Mhainistir Chistéirseach de chuid na meánaoiseanna in Éirinn. Léiríonn na stíleanna ailtireachta taobh istigh den séipéal, a tógadh go déanach sa dara haois déag, an t-aistriú ón ailtireacht Rómhánach go dtí an ailtireacht Ghotach. Tá an túr agus an clabhstra ann ón gcúigiú haois déag.
Tá cáil ar Mhainistir Sheireapúin as a cuid dealbha cloiche mionsonraithe atá le feiceáil ar fud na mainistreach. Baineann siad leis an tréimhse ón tríú haois déag go dtí an séú haois déag agus ina measc tá tuamaí mensa de chuid scoil Uí Thonnaigh, léiriú fíorálainn greanta ar bheirt ridirí ón tríú haois déag, na stuaraí clabhstair maisithe chomh maith le samhlacha agus cuimhneacháin eile.
Féadfaidh páistí féachaint thart ar an mainistir agus tá tóraíocht taisce ar fáil san ionad cuairteoirí in aice láimhe. Cuardaigh an mainistir chun naoimh, pátrúin, ridirí, ainmhithe neamhghnácha agus neacha miotaseolaíocha a aimsiú.
Tá ionad cuairteoirí beag deas ann ina bhfuil taispeántas den scoth.
Buaicphointí

Gailearaí
Uaireanta Oscailte
Ar oscailt gach lá Márta – Nollag
Turais arna gcur in áirithe roimh ré Nollag – Márta
Meánfhad cuairte: 1 uair an chloig
Uaireanta Oscailte Séasúracha
- Tús na Márta – Meán Fómhair
Gach Lá 09:00 – 17:30
- Deireadh Fómhair
Gach Lá 09:00 – 17:00
- Samhain – tús mí na Nollag
Gach Lá 09:30 – 16:00
- Nollag – Márta
Ní ghlactar ach le turais arna gcur in áirithe roimh ré.
Dúnta gach deireadh seachtaine.
Fógra
Dúnta thar tréimhse na Nollag.
Teagmháil
Baile Mhic Andáin
Co. Chill Chainnigh
R95 P523
056 772 4623
jerpointabbey@opw.ie
Áiseanna
- Ealaín
- Bróisiúr
- Carrchlós
- Taispeántas
- Turais threoraithe
- Taispeántas léirmhínitheach
- Limistéar Picnice
- Leithris
- Tá rochtain éasca ag cathaoireacha rothaí air
- Leithreas inrochtana
Srianta
- Madra treorach amháin
- Ná dreap
Suíomhanna cóngarach
Mainistir Sheireapúin
Prióireacht Cheanannais
Tabhair cuairt ar an suíomh eaglasta iata is mó in Éirinn
Timpeall 7.9 km ón Mainistir Sheireapúin
Teampall Mhuire, Gabhrán
Eaglais in bhfuil clocha oghaim, samhlacha de ridirí agus cuimhneacháin nuachlasaiceacha
Timpeall 14.5 km ón Mainistir Sheireapúin
Caisleán Chill Chainnigh
An tseoid is luachmhaire i gcathair dhraíochtúil mheánaoiseach
Timpeall 16.7 km ón Mainistir Sheireapúin