Skip to content

Oidhreacht Éireann

Buaicphointí Reilig Mheigiliteach na Ceathrú Móire (4)

  1. Néarlár Neoiliteach

    Néarlár Neoiliteach

    Tar agus féach ar an reilig is mó de thuamaí meigiliteacha in Éirinn. Faigh amach cén fáth gur measadh go raibh an Cheathrú Mhór ar cheann de na háiteanna is naofa san Eoraip Neoiliteach. Bíodh ionadh ort agus tú ag breathnú ar scil na ndaoine a thóg séadchomharthaí atá ina seasamh le breis agus cúig mhílaois agus faigh amach conas atá an taighde is déanaí ag athrú an chaoi a smaoinímid ar ár sinsir réamhstairiúla.

  2. Miotas agus Finscéal

    Miotas agus Finscéal

    Éist le cuid den seanchas a bhaineann leis an gceantar. Féach tuama an Bhanríon Meadbh ar bharr Chnoc na Riabh agus faigh amach conas ar cruthaigh Chailleach ársa, abhalmhór, uafásach Bhéara an tírdhreach.

  3. Díonleac Snoite

    Díonleac Snoite

    Is é tuama pasáiste Lios an tSeagail an séadchomhartha lárnach ag an gCeathrú Mhór. Ag an áit a mbeadh i lár an chairn, tugann sé chloch ingearacha tacaíocht do dhíonleac ollmhór. Breathnaigh ar an díonleac sa solas ceart agus b’fhéidir go bhfeicfeá roinnt snoíodóireacht réamhstairiúl atá deacair a bhaint amach.

  4. Éirí na gréine um Shamhain

    Éirí na gréine um Shamhain

    Le linn fhéile na Samhna, éiríonn an ghrian os cionn alt nádúrtha i Sléibhte Bhaile Uí Dhálaigh, díreach ar aon líne le treo sheomra Lios an tSeagail ag an gCeathrú Mór.  Nuair a éiríonn an ghrian, tá an taobh íochtarach de dhíon claonta an tseomra ar lasadh le solas domhain oráiste na gréine. Caitheann cloch bhiorach ag tosach an tseomra scáth fada feadh lár na leaca. De réir mar a leanann an ghrian ar a bealach, téann an scáth seo ar aghaidh thar bholg na díonleaca, ag éirí níos giorra an t-am ar fad, go dtí go gcuirtear scáth na mballaí air sa deireadh.

    Bí linn ag éirí na gréine an 31 Deireadh Fómhair chun an ócáid shuaithinseach seo a cheiliúradh. Bí faoi dhraíocht agus tabhair ómós do ardéirim mhiotasach na réamhstaire agus é ag dul i bhfeidhm ar saol na linne seo.

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.