Teach agus Fearann Páirce Bhaile an Chaisleáin
An chéad teach mór Pallaidiach in Éirinn agus an ceann is breátha
Rochtain laghdaithe
Tá an Teach dúnta de bharr srianta Covid 19 an Rialtais.
Fearann Páirce ar oscailt 07:00 - 20:00.
Caifé oscailte le haghaidh beir leat.
Cead isteach
Turais Treoraithe
Daoine Fásta: €10.00
Daoine Scothaosta: €8.00
Mic Léinn / Leanaí 12 is níos sinne: €5.00
Ráta Clainne: €25.00
Grúpaí: 20 daoine fásta €8.00
Turais Féin Treoraithe
Daoine Fásta: €8.00
Daoine Scothaosta: €5.00
Mic Léinn / Leanaí 12 is níos sinne: €3.50
Ráta Clainne: €15.00
Grúpaí: 20 daoine fásta €5.00
Teach agus Fearann Páirce Bhaile an Chaisleáin
Tá Baile an Chaisleáin suite i measc fearann páirce álainn ón ochtú haois déag ar bhruach na Life i gCill Droichid, Contae Chill Dara.
Tógadh an teach thart ar an mbliain 1722 do William Conolly, Spéicéir Theach na dTeachtaí in Éirinn, agus rinne roinnt ailtirí mór le rá é a dhearadh. Bhí sé i gceist gur léiriú a bheadh ann ar an gcumhacht a bhí ag Conolly agus go mbeadh sé mar ionad chun siamsaíocht ar mhórscála a chur ar fáil do pholaiteoirí. Nuair a tógadh Baile an Chaisleáin, bhí tráchtairí ag súil ‘go mbeadh sé mar eiseamláir den Ríocht, agus de na rudaí annamha go léir a bhí ar a hacmhainn’.
Bhí rath ar an eastát faoi Thomás, garnia William Conolly, agus faoina bhean chéile, an Bhantiarna Louisa, a chaith mórán dá saol ag cur feabhais ar a teach cónaithe.
Sa lá atá inniu ann, tá bailiúchán suntasach pictiúr, troscáin agus ’objets dart i mBaile an Chaisleáin. Ar na nithe is suntasaí atá ann, tá coinnleoirí craobhacha de ghloine Murano ón ochtú haois déag agus an t-aon seomra priontála de chuid an ochtú haois déag sa tír atá go hiomlán slán go fóill.
Tá sé ar an teach mór tuaithe sa stíl Phallaidiach is áille in Éirinn.
Buaicphointí

Gailearaí
Uaireanta Oscailte
An Fearann Páirce:
Ar oscailt gach lá. Cead isteach saor in aisce.
Uaireanta Oscailte na nGeataí:
Geata Batty Langley (rochtain do choisithe): 07:30 – 21:00 Aibreán & Meán Fómhair 07:30 – 22:15 Bealtaine – Lúnasa 07:30 – 22:00 Deireadh Fómhair – Márta
Geata Ascaill Chill Droichid (rochtain do choisithe): 07:15 – 21:15 Aibreán & Meán Fómhair 07:15 – 22:15: Bealtaine – Lúnasa 07:15 – 19:45 Deireadh Fómhair – Márta
Geata M4 (rochtain d’fheithiclí): 07:00 – 21:30 Aibreán & Meán Fómhair 07:00 – 22:30 Bealtaine – Lúnasa 07:00 – 20:00 Deireadh Fómhair – Márta
Fógra
Le haghaidh áirithintí grúpa / scoile (níos mó ná 8 duine), seol r-phost chuig castletown@opw.ie nó glaoigh ar 01 6288252.
D’fhéadfadh Baile an Chaisleáin dúnadh ar ghearrfhógra do ghnó an Rialtais. D’fhéadfadh go mbeadh rochtain theoranta ag turais má bhíonn imeacht nó ócáid phríobháideach ar siúl sa teach.
Le haghaidh fiosrúcháin faoi Imeachtaí agus Comhdhálacha, Margaí Tíre agus Aontaí Ceardaíochta srl. Seol r-phost chuig castletown@opw.ie
Teagmháil
Cill Droichid,
Co. Chill Dara
W23 V9H3
01 628 8252
castletown@opw.ie
Áiseanna
- Seomra Gléasta Páiste
- Bealach Rothar
- Bróisiúr
- Caifé
- Carrchlós
- Taispeántas
- Siopa bronntanas
- Ardaitheoir
- Limistéar Picnice
- Bealach abhann
- Leithris
- Bealach siúil
- Leithreas inrochtana
- Wi-Fi
Srianta
- Coinnigh an ráille láimhe
- Fan ar ais ón imeall
- Siúlóidí míchothrom
Suíomhanna cóngarach
Teach agus Fearann Páirce Bhaile an Chaisleáin
Caisleán Mhaigh Nuad
Spléachadh ar shaol i ndaingean Normannach
Timpeall 5.5 km ón Teach agus Fearann Páirce Bhaile an Chaisleáin
Teach agus Eastát Farmleigh
Teach mór eicléictiúil Éadbhardach agus teach aíochta stát na hÉireann
Timpeall 11.5 km ón Teach agus Fearann Páirce Bhaile an Chaisleáin
Páirc an Fhionnuisce
An áit a nglactar anáil i mBaile Átha Cliath
Timpeall 13.3 km ón Teach agus Fearann Páirce Bhaile an Chaisleáin
Treoir Shóisialta
Íoslódáil, priontáil agus léigh ár dtreoir shóisialta (PDF) faoi chuairt a thabhairt ar Theach Bhaile an Chaisleáin agus ar Pháirceanna. Cuideoidh sé seo le cuairteoirí céaduaire, teaghlaigh agus daoine faoi mhíchumas forbartha agus foghlama ullmhú le haghaidh cuairte ar Theach Bhaile an Chaisleáin agus ar Pháirceanna.
Íoslódáil an Treoir Shóisialta