Skip to content

Oidhreacht Éireann

Sochair an Chárta Oidhreachta OPW
Ag seo a leanas, cuid de na sochair a fhaightear le Cárta Oidhreachta OPW

  1. Cead isteach saor in aisce go dtí breis is 45 cinn de na Láithreáin Oidhreachta OPW
    Faigheann tú rochtain saor in aisce ar bhreis is 45 láithreán oidhreachta atá faoi bhainistiú an stáit agus atá lonnaithe ar fud na hÉireann.
  2. Rochtain Neamhtheoranta
    Is féidir leat cuairt a thabhairt ar aon cheann de na láithreáin is díol spéise, nó iad uile, fiú, chomh minic agus is mian leat le linn thréimhse bhailíochta an Chárta Oidhreachta.
  3. Coigiltis Iontacha
    Is féidir leat coigiltis iontacha a dhéanamh i gcomparáid le gnáth-thicéid a cheannach, fiú mura dtéann tú ar cuairt ach ar cúpla cinn de na láithreáin. Seoltar na Cártaí saor in aisce agus tá leabhrán achomair ag gabháil leo ar gach suíomh cuairteoirí OOP freisin!
Photo of a woman in costume on the throne having make-up applied as a cameraman and production assistant waits to resume filming work.

Praghas Cárta Oidhreachta
Cineál Cárta: Cárta Aon Bhliain Amháin

Duine Fásta: €40.00


Seanóir (60 bliain d’aois agus níos sine ná sin): €30.00


Mac Léinn (agus cárta aitheantais bailí agat): €10.00


Leanbh (idir 12 agus 18): €10.00


Teaghlach (2 daoine fásta agus suas le 5 leanaí, idir 12 agus 18 mbliana d’aois): €90.00

Téarmaí & Coinníollacha

Téarmaí agus Coinníollacha

 

Trí Chárta Oidhreachta OPW a cheannach, glacann an custaiméir agus na daoine a bheidh ag úsáideoir na cártaí leis na téarmaí agus na coinníollacha seo. 

 

Déanann Admit One bainistíócht ar an láithreán gréasáin seo chun ceannachán Cártaí Oidhreachta a éascú thar ceann an OPW.  Tá an OPW freagrach as na horduithe a shásamh chomh maith le taithí an chuairteora agus na Cártaí á n-úsáid ag a chuid Láithreáin Oidhreachta. Is é an Custaiméir an duine a cheannaíonn an Cárta(í) Oidhreachta OPW. Tá sé ceadaithe don chustaiméir Cárta Oidhreachta amháin nó níos mó a cheannach do na húsáideoirí ainmnithe. Is do dhaoine aonair/theaghlaigh agus do ghrúpaí beaga amháin atá an Cárta Oidhreachta. Féadfaidh daoine aonair/teaghlaigh agus grúpaí beaga é a cheannach, nó is féidir le gníomhairí taistil/tionscnóirí turas é a cheannach ar a son. Mar sin, tá teorainneacha ar an líon uasta cártaí oidhreachta gur féidir a cheannach.

Ní mór Cártaí Oidhreachta OPW a chur i láthair le húsáid ag láithreán Oidhreachta OOP laistigh de 12 mhí ó dháta a gceannaithe. Beidh na Cártaí bailí ar feadh tréimhse aon bhliain amháin ón gcéad uair a n-úsáidtear cheannach

Tugann an Cárta cead isteach neamhtheoranta do shínitheoir an chárta, le linn dátaí bailíochta an chárta, chuig na láithreán oidhreachta atá liostaithe Anseo go léir.

Le bheith bailí, ní mór don duine atá ainmnithe ar an gcárta é a shíniú roimh dó an chéad chuairt a thabhairt. Níl an cárta bailí ach amháin le húsáid an té a bhfuil a ainm sínithe ar an gcárta agus níl sé neamh-inaistrithe go huile is go hiomlán.

Calaois atá i gceist agus Cárta Oidhreachta OPW a bheith úsáidte ag aon duine seachas an té a bhfuil a shíniú curtha ar an gcárta agus d’fhéadfadh sé teacht faoi réir caingne dlí. D’fhéadfaí cruthúnas aitheantais shealbhóir an chárta a lorg ag na láithreáin Oidhreachta, agus féadfar an cead isteach a dhiúltú gan a leithéid de chruthúnas.

Féadfar go mbeidh cruthúnas teidlíochta ag teastáil le haghaidh roinnt Cártaí Oidhreachta. Mar shampla, cruthúnas aoise i gcás leanaí agus sheanóirí. Teastaíonn cárta mac léinn aitheanta nuair a cheannaítear Cárta Oidhreachta mac léinn.

Tá na Cártaí Oidhreachta neamh-inaisíoctha agus ní féidir iad a athsholáthar má chailltear nó má ghoidtear iad.

Ag ionaid áirithe, tá áiseanna páirceála agus fosheirbhísí curtha ar fáil ag comhlachtaí nó gníomhaireachtaí eile. Is féidir go ngearrfar táille ar úsáid na seirbhísí sin. Tá aon mhuirir dá leithéidí leithleach ón gCárta Oidhreachta agus níl siad clúdaithe leis.

Glacann custaiméirí Cárta Oidhreachta agus úsáideoir cártaí go dtugann siad cuairt ar na láithreáin Oidhreachta ar a bpriacal féin. Ní ghlacfaidh Oifig na nOibreacha Poiblí ná leis an Stát aon dliteanas as aon damáiste, gortú nó caillteanas a tharlaíonn do chuairteoir ná do mhaoin de chuid cuairteoirí ar na láíthreáin seo, áfach.

Is mar threoir ghinearálta a gcuirtear dátaí oscailte agus amanna oscailte na Láithreáin Oidhreachta uile agus tá siad faoi réir leasuithe.

Forchoimeádann an OPW an ceart, dá lánrogha féin, gach aon cheann dá láithreáin oidhreachta a dhúnadh síos go sealadach le haghaidh athchóirithe, cothabhála, nó ar chúis a bhaineann leis an tsábháilteacht agus le srianta cumais, nó mar gheall ar staid na haimsire, imeachtaí speisialta, nó mar gheall ar aon chúinsí nach bhfuil réamhbheartaithe. Ní bheidh an OPW faoi dhliteanas as neamhúsáid na gcártaí sna cúinsí sin. Ní ghlacfaidh siad le dliteanas i leith costais a bhaineann le taisteal ná aon chostais eile as póca ach oiread.

Déanann an OPW dianiarracht faisnéis chruinn a chur ar fáil. Mar sin féin, féadfar go mbeidh roinnt míchruinneas nó earráidí clóghrafaíochta san fhaisnéis atá ar fáil ar ár láithreáin ghréasáin nó inár gcuid foilseachán. Ní féidir linn, dá bharr sin, ráthaíocht a thabhairt maidir le cruinneas tuairiscí, dátaí agus amanna oibriúcháin, nó grianghraif a thaispeántar ar ár láithreáin ghréasáin, agus déanaimid aon dhliteanais a bhaineann leo siúd a dhiúltú. Mar sin féin, sa chás go dtarraingeofar ár n-aird ar a leithéid de mhíchruinneas déanfaimid iad a imscrúdú agus, más gá, déanfaimid na hathruithe cuí a chur i bhfeidhm a luaithe agus is féidir.

Ní bheimid faoi dhliteanas, i gcás ar bith, as aon damáistí díreacha nó indíreacha a eascraíonn as úsáid ár gcuid láithreán gréasáin nó a bhaineann leo ar aon bhealach, nó a bhaineann le mhoill nó an neamhábaltacht ár gcuid láithreáin ghréasáin a úsáid, nó as aon fhaisnéis, táirgí agus seirbhísí a fhaightear trínár láithreáin ghréasáin.

Má cheannaíonn tú Cártaí Oidhreachta ar an láithreán gréasáin seo, déanann tú a ráthú go bhfuil tú 18 mbliana d’aois ar a laghad agus go n-úsáidfidh tú ár suíomh gréasáin ar aon dul leis na téarmaí agus na gcoinníollacha uile. Tá barántas déanta agat freisin gur fíor agus cruinn an fhaisnéis go léir a chuireann tú féin ar fáil tú, nó a chuireann daoine eile ar fáil ar do shon.

Tábhachtach, tabhair faoi deara: Is féidir le roinnt Suíomhanna Oidhreachta an OPW a bheith an-ghnóthach, go háirithe le linn an tséasúir mhór. Ní ráthaíonn Cárta Oidhreachta OPW ligean isteach i gcúinsí dá leithéid. Ina theannta sin, ní sholáthraíonn cárta Oidhreachta OOP do bhealach isteach mear chuig láithreáin cuairteoirí. Tá roinnt suíomhanna oidhreachta ann inar féidir leat do thuras ar líne a chur in áirithe ag úsáid do chárta, trí chliceáil ar an rogha ‘Cárta Oidhreachta’ laistigh dá saoráid áirithinte ar líne (féach ar na Ceisteanna Coitianta ar Liosta anseo le haghaidh liosta de na suíomhanna seo).

 

Fógra maidir leis an bPríobháideachas

Tá an OPW tiomanta do chosaint a thabhairt do do phríobháideacht. Ní úsáidfimid ach amháin an fhaisnéis sin a bhailímid chun na críche atá beartaithe chun do cheannachán de Cárta Oidhreachta a shásamh nó chun freagra a thabhairt ar cheisteanna a bhféadfar a bheith agat. Is féidir leat ár bpolasaí príobháideachais a fheiceáil anseo.

Is ionann úsáid CÁRTA Oidhreachta OPW agus a ghlacadh leis na téarmaí agus na coinníollacha thuas.

NÓTA:  Forchoimeádann an OPW an ceart chun na Téarmaí agus Coinníollacha seo a leasú ó am go chéile gan fógra agus de réir mar is rogha linn. Is ortsa atá an fhreagracht an leathanach seo a sheiceáil le haghaidh nuashonruithe; tiocfaidh nuashonruithe i bhfeidhm ar an toirt tar éis dóibh a bheith fógartha.

 

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.