Skip to content

Oidhreacht Éireann

Páirceanna

11 áit liostaithe thíos

Tá ár bpáirceanna, a bhfuil duaiseanna buaite acu, ar chuid de na cinn is  sa Eoraip. Cuireann siad suaimhneas ar fáil, le hais ruaille buaille ár gcathracha agus ceann scríbe den scoth d’aon duine a bhfuil suim aige nó aici sa ghairneoireacht.

Is í Páirc an Fhionnuisce Bhaile Átha Cliath an páirc phoiblí iata is mó in aon phríomhchathair san Eoraip agus achar de 700 heicteár inti. Tá cuid mhaith dár bpáirceanna inchurtha léi ó thaobh áilleachta de agus cuimsítear gnéithe draíochtacha iontu amhail lochanna ornáideacha, obair chloiche, faichí fhoirmiúla agus conairí coillearnaí – gan trácht ar na cnuasaigh áille plandaí, lena n-áirítear go minic samplaí tearca agus leochaileacha.

Tá na mílte sna siúlóidí meallacacha agus sna bealaí rothaíochta le heolas a chur orthu i bpáirceanna poiblí den scoth in Éirinn. B’fhéidir, fiú, go n-éireodh leat freastal ar cheolchoirm nó ar imeacht éigin eile saor in aisce dár gcuid.

Páirc an Fhionnuisce, Faiche Stiabhna, Cúirt Ioma, Eastát Dhún ar Aill, Teach agus Fearann Páirce Bhaile an Chaisleáin, Teach Dhoire Fhionáin, Crannlann agus Gairdíní Fhóite, Crannlann John F. Kennedy, Gairdíní Náisiúnta na Lus, Cath na Bóinne, Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann.

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.