Teaghlach
Tá ár dtreoraithe iontacha oilte go speisialta chun a chinntiú go mbeidh na cuairteoirí óga faoi dhraíocht ag ár láithreacha go léir. Bain taitneamh aspáirceanna spraoi , láithreacha picnicí, taispeántais atá oiriúnach do pháistí agus gníomhaíochtaí speisialta teagmhálacha i gcuid mhaith dár láithreacha. D’fhéadfadh sé go leagfadh do thaiscéalaí óg a lámha ar eochair chaisleáin, uirlisí troda uafásacha a scrúdú, nó eachta uasal a chomhlíonadh! Is mór an spóirt é nuar a thagann an stair chun beatha.
Déanaimid ár ndícheall a chinntiú go mbíonn rud éigin ar fáil dár gcuairteoirí, idir óg agus sean, ag ár láithreacha go léir. Molaimid na 10 láthair seo i gcomhair lá spaisteoireachta den scoth le taiscéalaithe óga:
Caisleán Chill Chainnigh, Teach agus Fearann Páirce Bhaile an Chaisleáin, Caisleán agus Gairdíní Phort Omna, Cath na Bóinne, Teach agus Eastát Farmleigh, Músaem na bPiarsach – Páirc Naomh Éanna, Eastát Dhún ar Aill, Cúirt Ioma, Mainistir Thinteirn, Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, Conamara
Cath na Bóinne
Áit ar throid beirt ríthe ar mhaithe le todhchaí na hEorpa
Teach agus Fearann Páirce Bhaile an Chaisleáin
An chéad teach mór Pallaidiach in Éirinn agus an ceann is breátha
Eastát Dhún ar Aill
Leagan fíorshaoil de Downton Abbey i dTuaisceart Chorcaí
Cúirt Ioma
Sárshampla den ailtireacht nuachlasaiceach
Teach agus Eastát Farmleigh
Teach mór eicléictiúil Éadbhardach agus teach aíochta stát na hÉireann
Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, Conamara – Teach an Phiarsaigh
Teachín ar maos sa stair réabhlóideach agus i gcultúr na nGael
Caisleán Chill Chainnigh
An tseoid is luachmhaire i gcathair dhraíochtúil mheánaoiseach
Iarsmalann an Phiarsaigh - Páirc Naomh Éanna
Caibidil fhíorshuimiúil i scéal 1916
Caisleán agus Gairdíní Phort Omna
Breáthacht ón seachtú haois déag ar bhruacha Loch Deirgeirt
Mainistir Tintern
Áit a raibh manaigh ag obair go dian agus áit inar cruthaíodh oidhreachtaí