Skip to content

Oidhreacht Éireann

Faoin scéim seo, is féidir le gach uile dhalta bunscoile agus dara leibhéal iniúchadh a dhéanamh ar na láithreáin iontacha atá againn, saor in aisce. Chun leas a bhaint as an áis seo cuairt saor in aisce a dhéanamh, níl le déanamh ach do chuairt a chur in áirithe díreach leis an láithreán atá roghnaithe agat 21 lá ar a laghad roimh ré, agus é a dhearbhú tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig roimh do chuairt. Anuas air sin, caithfidh na cuairteanna a dhéanamh le linn na scoilbhliana agus ní mór dóibh a bheith bainteach leis an gcuraclam náisiúnta atá faofa ag an Roinn Oideachais agus Scileanna.

Ar mhaithe le do chompord féin, smaoinigh ar an chuairt a bheartú don séasúr ciúin – fágfar go mbeidh níos mó spáis ar fáil do do ghrúpa chun iniúchadh fairsing a dhéanamh más rud é nach bhfuil an oiread sin daoine eile ann. Beifear in ann comhairle a chur ort i ngach aon láithreán faoin am is fearr chun cuairt a thabhairt.

Tá na Téarmaí agus Coinníollacha go léir ar fáil anseo.

Téarmaí agus Coinníollacha (Doc)

Polasaí um Chosaint Leanaí an OPW (PDF)

Íoslódáil an Fhoirm Áirithinte

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.