Oidhreacht Éireann

Caisleán Dhún na nGall

Ceann de na caisleáin Ghaelacha is áille in Éirinn

10:00 – 18:00

Amanna oscailte go léir

Caisleán Dhún na nGall

Ceann de na caisleáin Ghaelacha is áille in Éirinn

10:00 – 18:00

See all opening times

Ionad dúnta

Cead isteach

Duine Fásta: €5.00
Grúpa/Seanóir: €4.00
Leanbh/Mac Léinn: €3.00
Teaghlach: €13.00

Getting here

Sráid an Chaisleáin
Baile Dhún na nGall
Co. Dhún na nGall
F94 P996

Get Directions

Trip Advisor

4.0

Caisleán Dhún na nGall

Tá Caisleán Dhún na nGall suite i gcroílár bhaile an chontae, ag seasamh go hard os cionn na hIascaí. Ba é Aodh Rua Ó Domhnaill féin a thóg é mar a dhaingean pearsanta sa chúigiú haois déag. Deirtear, agus é ag fágáil chun cúnamh a lorg sa Spáinn i ndiaidh Chath Chionn tSáile, gur theastaigh ó Aodh a chinntiú nach bhfaigheadh na Sasanaigh ceannas ar a chaisleán go brách agus mar sin chuir sé trí thine é.

Ach bhí díomá i ndán dó. Rinneadh tiarna an chaisleáin den chaptaen Sasanach, Sir Basil Brooke, in 1616. Mar chuid de chlár ollmhór feabhsúchán, thóg Brooke mainéar álainn in aice leis an túr. Rinne sé an matal breá a choimisiúnú, matal a bhí maisithe le torthaí snoite agus a armas máistriúil féin.

Chuaigh an foirgneamh chun raice san fhichiú haois, ach rinneadh athchóiriú air sna 1990idí agus cuireadh ar ais mar a bhí an lá ab fhearr é. I láthair na huaire, tugann sraith de phainéil eolais léargas ar stair chorrach an chaisleáin agus a chuid úinéirí éagsúla.

Uaireanta Oscailte

Ar oscailt an bhliain ar fad.

Cead isteach deireanach: 45 nóiméad roimh am dúnta

Meánfhad cuairte: 45 nóiméad – 1 uair

 

Uaireanta Oscailte Séasúracha

Cásca – Lár mhí Mheán Fómhair

Gach lá 10:00 – 18:00

Lár mhí Mhean Fómhair – an Cháisc

Déardaoin – Dé Luain 09.30 – 16.30

Teagmháil

Sráid an Chaisleáin
Baile Dhún na nGall
Co. Dhún na nGall
Dún na nGall
F94 P996

074 972 2405

Tabhair cuairt anseo

Lár Bhaile Dhún na nGall.

Roghnaigh modh taistil

Áiseanna

  • Taispeántas
  • Turais threoraithe
  • Leithris

Srianta

  • Rochtain Theoranta

Treoir Shóisialta

Íoslódáil, priontáil agus léigh ár dtreoir shóisialta (PDF) faoi chuairt a thabhairt ar Chaisleán Dhún na nGall. Cuideoidh sé seo le cuairteoirí céaduaire, teaghlaigh agus daoine faoi mhíchumas forbartha agus foghlama ullmhú le haghaidh cuairte ar Chaisleán Dhún na nGall.

Íoslódáil an Treoir Shóisialta

Súimh cóngarach chun cuairt a thabhairt

B’fhéidir gur mhaith leat freisin

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.

Seol