Caisleán agus Gairdíní Phort Omna
Breáthacht ón seachtú haois déag ar bhruacha Loch Deirgeirt
09:30 – 18:00
Ionad dúnta
Caisleán dúnta don séasúr .
Cead isteach
Duine Fásta: €5.00
Grúpa agus Seanóir: €4.00
Leanbh/Mac léinn: €3.00
Teaghlach: €13.00
Caisleán agus Gairdíní Phort Omna
Ba é ceathrú hiarla Chluain Riocaird a thóg Caisleán Phort Omna, agus bhí sé mar cheanncheathrú ag clann de Burgo ar feadh na gcéadta bliain.
Is sampla ar leith é an caisleán d’ailtireacht idirthréimhseach na hÉireann ag tús an seachtú haois déag. Mar chuid den dearadh misniúil tá gnéithe de stíleanna na Meánaoise agus na hAthbheochana a théann go maith le chéile.
D’fhág dóiteán mór in 1826 an caisleán ina chreatlach gan díon, ach chuir an stát tús le hoibreacha chun feabhas a chur ar an drochbhail a bhí air sna 1960idí. Leanann an obair athchóirithe ar aghaidh sa lá atá inniu ann.
Mar chuid den tsiúlóid dhrámata suas go dtí an foirgneamh tá gairdíní foirmiúla gleoite, agus mar aon leis an ngairdín cistine imfhálaithe, is féidir an draíocht a bhain leis an mbunsuíomh sa seachtú haois déag a bhrath.
Tá radharc dochreidte ón gcaisleán amach ar Loch Deirgeirt. Tá urlár na talún ar oscailt don phobal agus is ann atá taispeántas a léiríonn stair an chaisleáin agus clann de Burgo. Tá sé in aice leis an tSionainn agus le Páirc Foraoise Phort Omna, agus dá bharr sin is rogha iontach é le haghaidh turas lae.
Buaicphointí

Gailearaí
Uaireanta Oscailte
26 Márta – 4 Samhain
Cead isteach deireanach 45 nóiméad roimh am dúnta
Meánfhad cuairte: 1 uair
Uaireanta Oscailte Séasúracha
- 26 Márta – 30 Lúnasa
Gach lá 09:30 – 18:00
- 1 Mean Fómhair – 4 Samhain
Gach lá 09:30 – 17:00
Teagmháil
Port Omna
Co. na Gaillimhe
H53 YK27
090 974 1658 and 090 9742003
portumnacastle@opw.ie
Áiseanna
- Ealaín
- Seomra Gléasta Páiste
- Bróisiúr
- Caifé
- Carrchlós
- Taispeántas
- Siopa bronntanas
- Turais threoraithe
- Limistéar Picnice
- Clós Súgartha
- Leithris
- Leithreas inrochtana
- Wi-Fi
Srianta
- Rochtain Theoranta
Suíomhanna cóngarach
Caisleán agus Gairdíní Phort Omna
Cluain Mhic Nóis
Timpeall 30.9 km ón Caisleán agus Gairdíní Phort Omna
Ionad Oidhreachta Ros Cré - Caisleán Ros Cré agus Teach Damer
Áit a léiríonn cumhacht mheánaoiseach agus galántacht ón ochtú haois déag
Timpeall 31.8 km ón Caisleán agus Gairdíní Phort Omna
Caisleán Bhaile Átha an Rí
Suaitheantas de thiarnas na Normannach
Timpeall 42.2 km ón Caisleán agus Gairdíní Phort Omna
Treoir Shóisialta
Íoslódáil, priontáil agus léigh ár dtreoir shóisialta (PDF) faoi chuairt a thabhairt ar Chaisleán agus Gairdíní Portumna. Cuideoidh sé seo le cuairteoirí céaduaire, teaghlaigh agus daoine faoi mhíchumas forbartha agus foghlama ullmhú le haghaidh cuairte ar Chaisleán agus Gairdíní Portumna.
Íoslódáil an Treoir Shóisialta