Caisleán Bhaile Átha an Rí
Suaitheantas de thiarnas na Normannach
15 Márta - 03 Samhain 2024
Cead isteach
Turas Treoraithe/ Féintreoraithe :
Duine Fásta: €5.00
Grúpa/Seanóir: €4.00
Leanbh/Mac Léinn: €3.00
Teaghlach: €13.00
Follow us
Caisleán Bhaile Átha an Rí
Téagar ollmhór ag cosaint áth straitéiseach ar Abhainn an Chláirín is ea Caisleán Bhaile Átha an Rí. Tá an halladhaingean maorga trí stór fós ann ó lár an tríú haois déag. Féachann sé go daingean mórthaibhseach ón taobh amuigh, cé gur tógadh an taobh istigh ar bhealach simplí, gan ann ach halla ar an gcéad urlár agus seomraí stórais dorcha in íochtar.
Cé go bhfuil sé leagtha amach go simplí, léiríonn snoíodóireacht bhreá iomrá an halla. Tá an doras agus péire de na fuinneoga maisithe le móitífeanna bláthacha i stíl iontach áitiúil Scoil an Iarthair. Is iad na forbhallaí bunaidh atá ann. Ba thrí phoill lámhaigh arda na bhforbhallaí sin a rinneadh an caisleán a chosaint ó ionsaitheoirí eágsúla thar na céadta blianta.
Tagann cuairteoirí chuig Caisleán Bhaile Átha an Rí chun blaiseadh a fháil d’atmaisféar údarach na cumhachta meánaoisí sin atá fós le brath sa daingean mórchumhachtach.
Gailearaí
Uaireanta Oscailte
15 Márta – 3 Samhain 2024
Gach Lá: 09:30 – 18:00
Cead isteach deireanach 17:15
Tabhair cuairt anseo
Suíomh: I lár Bhaile Átha an Rí
Roghnaigh modh taistil
Áiseanna
- Seó Closamhairc
- Bróisiúr
- Carrchlós
- Card Accepted
- Páirceáil cóiste
- Turais threoraithe
- Limistéar Picnice
- Clós Súgartha
- Leithris
Srianta
- Madraí ar iall
- Coinnigh an ráille láimhe
- Rochtain Theoranta
- Fan ar ais ón imeall
- Siúlóidí míchothrom
Suíomhanna cóngarach
Caisleán Bhaile Átha an Rí
Caisleán Achadh na nIúr
Seoid stairiúil i gcroílár Chonamara
Timpeall 37.6 km ón Caisleán Bhaile Átha an Rí
Caisleán agus Gairdíní Phort Omna
Breáthacht ón seachtú haois déag ar bhruacha Loch Deirgeirt
Timpeall 42.2 km ón Caisleán Bhaile Átha an Rí
Láithreán Mainistreach Chluain Mhic Nóis
Mainistir shuntasach ar bhruach abhainn na Sionainne
Timpeall 50.5 km ón Caisleán Bhaile Átha an Rí
Achmhainní
Treoir Shóisialta
Íoslódáil, priontáil agus léigh ár dtreoir shóisialta (PDF) faoi chuairt a thabhairt ar Chaisleán Bhaile Átha an Rí. Cuideoidh sé seo le cuairteoirí céaduaire, teaghlaigh agus daoine faoi mhíchumas forbartha agus foghlama ullmhú le haghaidh cuairte ar Chaisleán Bhaile Átha an Rí.
Íoslódáil an Treoir Shóisialta