Oidhreacht Éireann

Buaicphointí Cluain Mhic Nóis (7)

  1. An tSionainn Mhaorga

    An tSionainn Mhaorga

    Tá suíomh mainistreach Chluain Mhic Nóis suite in áit aoibhinn ar bhruach na Sionainne. Spota straitéiseach a bhí ann inar bhuail an abhainn, a bhí mar an príomhbhealach Thuaidh-Theas, leis an Eiscir Riada, an príomhbhealach talún Thoir-Thiar trí lár na hÉireann. Súigh isteach atmaisféar suaimhneach na n-áiteanna seo agus tú ag foghlaim níos mó faoi bhithéagsúlacht uathúil thírdhreach Chalaí na Sionainne. Is deis í cuairt ar Chluain Mhic Nóis bheith i mol mór creideamh,  léinn, trádál, ceardaíocht agus ealaín i gcroílár an oileáin.

  2. Breathnaigh le hAoibhneas ar na hArd-Chrosa

    Breathnaigh le hAoibhneas ar na hArd-Chrosa

    Tá trí ardchros maisithe álainn ar an láthair. Is í An Chros Thuaidh, a cruthaíodh timpeall 800 AD le híocónagrafaíocht cosúil le Leabhar Cheanannais agus Leabhar Dharú agus ar a bhfuil íomhá den dia Ceilteach Cernunnos air, an ceann is sine díobh. Ar an gCros Theas, léirítear an céasadh agus an chuid eile den chros clúdaithe i bpatrún trilseach Ceilteach. Léiríonn Cros na Screaptra, a théann siar go 914 AD radhairc lena n-áirítear lá deireanach an Bhreithiúnais agus Críost sa Tuama; meastar go bhfuil an chros seo ar cheann de na crosa scrioptúir is iontaí ar Oileán na hÉireann. Measann saineolaithe go raibh na crosa péinteáilte ar dtús. Tá na crosa bunaidh ar taispeáint anois i músaem saintógtha ar an láithreán gur féidir leat féachaint air mar chuid de do chuairt,  mar aon le macasamhail de na crosa sna suíomhanna bunaidh taobh amuigh.

  3. Áit Adhlactha na Ríthe

    Áit Adhlactha na Ríthe

    Is í Cluain Mhic Nóis áit adhlactha go leor de Ardríthe an Oirthear agus an Iarthar, ríthe as Teamhrach agus Connachta, agus is í áit adhlactha freisin Ruaidrí Ua Conchobair Ardrí deiridh na hÉireann, atá curtha in Ardeaglais na 10ú haoise.

    Féach ar Theampall Mháel Sechnaill (tógtha c . 1200), ceann de na naoi séipéal ar an láthair, freisin le linn do chuairte. Tugtar Teampall Rí ar an bhfoirgneamh seo freisin mar gurb í áit adhlacadhtheaghlach Mháel Sechnaill, ríthe na Mí.

  4. Litríocht Spreagúil

    Litríocht Spreagúil

    Leis na cianta spreag Cluain Mhic Nóis an litríocht is breátha in Éirinn ón Táin go Seamus Heaney.  Creidtear go raibh an teach screaptra lonnaithe i dTeampall Melaghlin, áit ar táirgeadh cuid de na lámhscríbhinní is tábhachtaí in Éirinn ar nós Leabhair na hUidre ina bhfuil an leagan is sine den Táin Bó Cúailnge.

  5. Leaca Uaighe

    Leaca Uaighe

    Is i gCluain Mhic Nóis a bhfuil an bailiúchán is mó de leaca uaighe luath-Chríostaí in iarthar na hEorpa. Tagann  iad siúd atá ar taispeáint ó thús an ochtú haois go dtí an dara haois déag agus níl iontu ach cuid bheag díobh siúd atá le fáil anseo. Tá na hinscríbhinní croise dronuilleogacha agus ciorclacha i stíl nach bhfuil le fáil in aon áit seachas  Cluain Mhic Nóis agus isnasc ríthábhachtach iad leis na gnáthdaoine a bhí ina gcónaí agus  i mbun oibre anseo.

  6. Tabhair cuairt ar Fhoirgneamh Suntasach

    Tabhair cuairt ar Fhoirgneamh Suntasach

    Tá Teampall na Siúracha i measc na samplaí is fearr d’ailtireacht Rómhánúil-Ibeirneachin Éirinn. Breathnaigh le haibhneasar an áirse agus an doras álainn a théann isteach sa saingeal. Gné suntasach eile le súil a choinneál amach dó ná an snoiteán de splancálaí mná ar  voussoir  áirse an tsaingil. Creideann go leor daoine gur ‘Síle na Gig’ é seo.

    Tá siúlóid gairid idir Theampall na Siúracha agus an bpríomhsuíomh  agus, mar a thugann an t-ainm le tuiscint, is ann a bhí clochar Chluain Mhic Nóis.

  7. Áirse na gCogar

    Áirse na gCogar

    Is breá leis na páistí a gcuid rúin a dhoirteadh ag Áirse na gCogar, áit ar an taobh amuigh den Ardeaglais  ina mbíodh faoistin á dhéanamh sa  15ú haois.

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.

Seol