Skip to content

Oidhreacht Éireann

Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann

Lig scíth agus déan machnamh sa séadchomhartha gairdín álainn seo

Amanna oscailte go léir

Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann

Lig scíth agus déan machnamh sa séadchomhartha gairdín álainn seo

See all opening times

Cead isteach

Saor in aisce

Getting here

Droichead na hInse,
Baile Átha Cliath 8
Contae Bhaile Átha Cliath
D08 T20W

Get Directions

Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann

Tá na gairdíní seo i nDroichead na hInse, bruachbhaile i mBaile Átha Cliath, i measc na ngairdíní cuimhneacháin is aitheanta san Eoraip. Tá siad tiomnaithe i gcuimhne ar 49,400 saighdiúir Éireannach a bhásaigh sa Chéad Chogadh Domhanda. Tá ainm gach uile shaighdiúir scríofa sna lámhscríbhinní, atá maisithe go galánta ag Harry Clarke, sna seomraí leabhar eibhir.

Ní hamháin gur áit chuimhneacháin iad na gairdíní seo; is díol spéise iad ó thaobh na hailtireachta agus na háilleachta freisin. Ba é Sir Edwin Lutyens a dhear iad. Ba dhearthóir bisiúil gairdíní é Lutyens, go háirithe do chuimhneacháin chogaidh, ach fós féin níor baineadh leas as a shaineolas ach do cheithre ghairdín in Éirinn.

Bainfidh tú taitneamh as do chuairt i séasúr ar bith chun féachaint ar ghairdíní rós íslithe, ciumhsóga bláthanna agus cuid mhór crann. Tá atmaisféar sollúnta, suaimhneach sa ghairdín galánta seo, agus dá bhrí sin is áit álainn í le scíth a ligean agus machnamh a dhéanamh.

Uaireanta Oscailte

Gairdíní ar Oscailt an bhliain ar fad

Am Oscailte : Luan – Aoine 08:00 Sat – Domhnach 10:00 Gairdíní Dúnta : Ag brath ar uaireanta sholas an lae

Rochtain ar Sheomraí Leabhar: Trí theagmháil a dhéanamh leis na huimhreacha thuas

Meánfhad na Cuairte: 1 – 2 uair

Teagmháil

Droichead na hInse,
Baile Átha Cliath 8
D08 T20W

01 475 7816

Tabhair cuairt anseo

An Cuarbhóthar Theas, Droichead na hInse. Bealach isteach ó Bhóthar Choinn Colbaird agus an Cuarbhóthar Theas (taobh Pháirc an Fhionnuisce)

Oscail suíomh i Google Maps

Roghnaigh modh taistil

Áiseanna

  • Carrchlós
  • Turais threoraithe
  • Bealach abhann

Srianta

Suíomhanna cóngarach

B’fhéidir gur mhaith leat freisin

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.