Teach Sheáin Mhic Dhiarmada
Ceann de chliabháin an Éirí Amach
Cead isteach
Cead isteach saor in aisce. Tá sé inmholta réamh-áirithint a dhéanamh trí fón +353 (0)71 985 4865, rphost kiltyclogherheritagecentre@gmail.com, nó ar Facebook.
Meánfhad turais 40 nóiméad.
Teach Sheáin Mhic Dhiarmada
Tá áitreabh Sheáin Mhic Dhiarmada, duine de cheannairí 1916, i gCoillte Clochair, Contae Liatroma, agus tá sé ar cheann de na háiteanna is tábhachtaí i stair an chontae.
Is é an teach seo an t-aon teach baile atá ann go fóill agus a bhaineann le duine ar bith den seachtar a shínigh Forógra Phoblacht na hÉireann. Tugann sé léargas nach bhfuil ar fáil áit ar bith eile ar bhunús dhuine de na príomhphearsana i gceann de na heachtraí ba mhó le rá i stair na hÉireann. Is teach barántúil traidisiúnta de chuid na hÉireann é freisin a thugann spléachadh dúinn ar an gcaoi a raibh an saol ag na gnáthdhaoine céad bliain ó shin.
Tá cothabháil déanta ar an teachín ar feadh na mblianta chun é a choinneáil mar a bhí sé. Tugann turais rialta deis do chuairteoirí an t-atmaisféar dílis san áit iontach stairiúil seo a bhrath.
Gailearaí
Uaireanta Oscailte
02 Aibreán – 31 Lúnasa, Earrach agus Samhradh
Luain 10:00 – 14:00
Máirt 10:00 – 16:00
Céadaoin 14:00 – 16:00
Déardaoin 10:00 – 16:00
Aoine 10:00 – 14:00
Satharn 12:00 – 16:00
Cuir glaoch le haghaidh uaireanta oscailte an Gheimhridh agus an Fhómhair.
Fógra
Tá Ionad Oidhreachta i sráidbhaile Choilte Clochair, 5km ar shiúl, áit a bhfuil iarsmalann beag agus taispeántas faoi shaol Sheáin Mhic Dhiarmada.
Teagmháil
Barr na Leachtaí
Coillte Clochair
Co. Liatroma
071 985 4865
kiltyclogherheritagecentre@gmail.com
Áiseanna
- Carrchlós
- Turais threoraithe
- Leithris
Srianta
Suíomhanna cóngarach
Teach Sheáin Mhic Dhiarmada
Caisleán Parke
Lean lorg na bplandálaithe agus na nGael
Timpeall 21.8 km ón Teach Sheáin Mhic Dhiarmada
Mainistir Shligigh
Áit a mbaintear macalla as paidreacha na mbráithre i measc na bhfothrach
Timpeall 30.2 km ón Teach Sheáin Mhic Dhiarmada
Reilig Mheigiliteach na Ceathrú Móire
An cnuasach is suntasaí de thuamaí cloiche ársa in Éirinn
Timpeall 33.8 km ón Teach Sheáin Mhic Dhiarmada