Oidhreacht Éireann

Teamhair

Faigh blaiseadh d’oidhreacht na n-ardríthe

Amanna oscailte go léir

Teamhair

Faigh blaiseadh d’oidhreacht na n-ardríthe

See all opening times

Ionad dúnta

Ionad Oidhreachta dúnta de bharr srianta Covid-19.

Cead isteach

Duine Fásta: €5.00
Grúpa & Seanóir: €4.00
Páiste / Mac Léinn: €3.00
Teaghlach: €13.00

Getting here

An Uaimh,
Co. na Mí
C15 P44W

Get Directions

Trip Advisor

4.0

Follow us

Teamhair

Tá tábhacht ag baint le Teamhair ón gClochaois dhéanach, nuair a tógadh tuama pasáiste ann. Ach, suíomh an-suntasach ba ea é san Iarannaois (600 RCh go dtí 400 AD) agus isteach sa Luathré Chríostaí nuair a bhí sé i mbarr a réime – mar lárionad ag ardríthe na hÉireann. Téann gach seanbhóthar in Éirinn i dtreo an tsuímh thábhachtaigh seo.

Chuaigh Naomh Pádraig féin ann sa chúigiú haois. De réir mar a tháinig an Chríostaíocht chun cinn sna haoiseanna ina dhiaidh sin, bhain tábhacht shiombalach le Teamhair. Tá na hallaí agus na páláis imithe anois agus níl fágtha ach créfort.

Fós féin, tá radhairc shuntasacha le feiceáil ann. Sampla amháin is ea Lia Fáil – an chloch chorónaithe agus ceann de na ceithre sheoid a bhí ag Tuatha Dé Danann – a sheasann go bródúil ar an séadchomhartha ar a dtugtar An Forradh.

Cuideoidh turais treoraithe leat tuiscint a fháil ar stair ríoga na háite iontaí seo agus a sean-áilleacht a shamhlú.

Uaireanta Oscailte

Tá rochtain ar Teamhair ar feadh na bliana.

Fógra

Tá a lán den turas faoin aer agus moltar do chuairteoirí éadaí síondíonacha a chaitheamh chomh maith le bróga oiriúnacha do shiúlóid ar thalamh aimhréidh.

Tá rochtain teoranta ann do chuairteoirí atá faoi mhíchumas.

Teagmháil

An Uaimh,
Co. na Mí
C15 P44W

046 902 5903 / 041 988 0300

Tabhair cuairt anseo

Roghnaigh modh taistil

Áiseanna

  • Seó Closamhairc
  • Siopa bronntanas
  • Turais threoraithe

Srianta

  • Rochtain Theoranta

Treoir Shóisialta

Íoslódáil, priontáil agus léigh ár dtreoir shóisialta (PDF) faoi chuairt a thabhairt ar Hill of Tara. Cuideoidh sé seo le cuairteoirí céaduaire, teaghlaigh agus daoine faoi mhíchumas forbartha agus foghlama ullmhú le haghaidh cuairte ar Hill of Tara.

Íoslódáil an Treoir Shóisialta

Suíomhanna cóngarach

B’fhéidir gur mhaith leat freisin

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.

Seol