Skip to content

Oidhreacht Éireann

Buaicphointí Teampall Mhuire, Gabhrán (5)

  1.  Cloch Oghaim

    Cloch Oghaim

    Féach an féidir leat na marcanna, a théann siar roimh Naomh Pádraig, a aimsiú ar an gcloch oghaim atá ar taispeáint sa saingealÚsáideadh an chloch oghaim seo i mbunsraitheanna an teampaill bhunaidh sa tríú haois déag agus aimsíodh í go luath sa naoú haois déag, nuair a atógadh an saingeal. Tá cros luath Laidineach greanta ar bhun an chloch  freisin, fínise ar an nasc atá aige le hÉirinn Luath-Chríostaí.

  2. Samhlacha agus Tuamaí

    Samhlacha agus Tuamaí

    Ba chóir duit breathnú ar phríomhghné an tsaingil ag Teampall Mhuire – dhá thuama samhail a bhaineann leis na ridirí de Buitléir. Creidtear gur leis an Uasal James de Buitléir as Baile an Phoill, athair an t-ochtú IarlaÚrmhumhain, Piers Rua, an tuama is mionsaothraithe díobh. Tá taobhanna an tuama seo maisithe go hoilte le snoiteáin de na hAspail, Naomh Bríd, céasadh Íosa Críost agus b’fhéidir Naomh Tomás à Becket. Creidtear gurb iad muintir Uí Thonnaighas Callainn a rinne an tuama seo.

  3. Fuinneoga Gloine Daite

    Fuinneoga Gloine Daite

    Tá dhá fhuinneog dhaite áille le feiceáil i dTeampall Mhuire. Chruthaigh an stiúideo comharchumann mór le rá, An Túr Gloine,an dá fhuinneog. Déanann fuinneog amháin comóradh ar Aubrey Cecil White, as Gabhráin ó dhúchas, a d’éag an chéad lá de Chath an Somme le linn an Céad Cogadh Domhanda.

  4.  An Tuama Cnámharlaigh

    An Tuama Cnámharlaigh

    Tá tuama ciste James Kealy suite sa choirnéal thiar thuaidh den mheánlann. Breathnaigh go géar air agus déanfaidh tú amach an íomhá scáfar a bhfuil air – cnámharlach iomlán clúdaithe le taiséadach. Tuamaí corpáin a thugtar ar thuamaí mar seo. Bhí an-tóir orthu in Éirinn sa chúigiú haois déag, sa séú haois déag agus i dtús an seachtú haois déag, ach fiú sa lá atá inniu ann cuireann siad básmhaireacht an chine dhaonna i gcuimhne dúinn.

    Tá taobhanna an tuama seo maisithe go flúirseach le siombailí na Páise agus an Chéasta, agus de Naomh Peadar agus Naomh Pádraig.

  5. Máistir Ghabhráin

    Máistir Ghabhráin

    Bain triail as cuid den snoiteáin chloiche mhaisiúla mhórthaibhseacha a aimsiú,  a deirtear gur saothair Mháistir cháiliúil Ghabhráin iad. Ina measc seo tá fuinneog ornáideach ón tríú haois déag, ceann de na fuinneoga is caomhnaithe den dáta seo in Éirinn. Tá íomhá  manach agus easpaigchomh maith le híomhánna siombalacha fós le feiceáil ar an taobh istigh den sean-teampall. Beidh cáil go deo ar shaothar Mháistir Ghabhráin mar gheall ar fhilíocht Seamus Heaney, buaiteoir dhuais Nobel.

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.