Páirceanna
Tá ár bpáirceanna, a bhfuil duaiseanna buaite acu, ar chuid de na cinn is sa Eoraip. Cuireann siad suaimhneas ar fáil, le hais ruaille buaille ár gcathracha agus ceann scríbe den scoth d’aon duine a bhfuil suim aige nó aici sa ghairneoireacht.
Is í Páirc an Fhionnuisce Bhaile Átha Cliath an páirc phoiblí iata is mó in aon phríomhchathair san Eoraip agus achar de 700 heicteár inti. Tá cuid mhaith dár bpáirceanna inchurtha léi ó thaobh áilleachta de agus cuimsítear gnéithe draíochtacha iontu amhail lochanna ornáideacha, obair chloiche, faichí fhoirmiúla agus conairí coillearnaí – gan trácht ar na cnuasaigh áille plandaí, lena n-áirítear go minic samplaí tearca agus leochaileacha.
Tá na mílte sna siúlóidí meallacacha agus sna bealaí rothaíochta le heolas a chur orthu i bpáirceanna poiblí den scoth in Éirinn. B’fhéidir, fiú, go n-éireodh leat freastal ar cheolchoirm nó ar imeacht éigin eile saor in aisce dár gcuid.
Páirc an Fhionnuisce, Faiche Stiabhna, Cúirt Ioma, Eastát Dhún ar Aill, Teach agus Fearann Páirce Bhaile an Chaisleáin, Teach Dhoire Fhionáin, Crannlann agus Gairdíní Fhóite, Crannlann John F. Kennedy, Gairdíní Náisiúnta na Lus, Cath na Bóinne, Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann.
Cath na Bóinne
Áit ar throid beirt ríthe ar mhaithe le todhchaí na hEorpa
Teach agus Fearann Páirce Bhaile an Chaisleáin
An chéad teach mór Pallaidiach in Éirinn agus an ceann is breátha
Tigh Mór Dhoire Fhíonáin
Baile dúchais Dhónaill Uí Chonaill
Eastát Dhún ar Aill
Leagan fíorshaoil de Downton Abbey i dTuaisceart Chorcaí
Cúirt Ioma
Sárshampla den ailtireacht nuachlasaiceach
Crannlann agus Gairdíní Fhóite
Téigh ag fámaireacht thart ar ósais oileánda de fhlóra neamhchoitianta andúchasacha
Garraithe Náisiúnta na Lus
Tearmann glas san ardchathair
Páirc an Fhionnuisce
An áit a nglactar anáil i mBaile Átha Cliath
Ospidéal Ríoga Cill Mhaighneann
Ó áras seansaighdiúirí go háras ealaíne
Faiche Stiabhna
Seoid chathartha ó ré Victoria sa chearnóg gairdín is mó i mBaile Átha Claith
Crannlann agus Páirc Chuimhneacháin JFK
Crannlann atá ar mhéid uachtaránachta.