Skip to content

Oidhreacht Éireann

Séadchomharthaí réamhstaitiúla

6 áit liostaithe thíos

I measc ár séadchomharthaí réamhstairiúla tá tuamaí clochaoise agus dumhaí adhlactha, ráthanna móra agus láithreacha searmanais oirnithe. Tá cáil tarraingthe acu ar fud an domhain agus ní gan chúis é sin.

Tógadh Sí an Bhrú tuairim is cúig mhíle bliain ó shin chun glacadh le dúrúnta éirí na gréine le linn an ghrianstad; tá an cnuasach is mó ar domhan den ealaín neoiliteach i gCnóbha; is é Achaidh Chéide an séadchomhartha clochaoise is fairsinge ar domhan. Tagann na mílte duine go dtí na láithreacha tábhachtacha seo anois chun atmaisféar an deasghnátha agus an tsearmanais ársa atá iontu a bhrath.

Déanfar tú a threorú tríd na hionaid chuairteoirí, a bhfuil duaiseanna buaite acu, áit a bhfaighidh tú eolas ar an miotaseolaíocht éachtach, ar an tseandálaíocht agus ar an stair atá le fáil sna háiteanna draíochta seo.

Ionad Cuairteoirí Bhrú na Bóinne, Loch Craobh, Reilig Mheigiliteach na Ceathrún Móire, Achaidh Chéide, Teamhair, Dún Aonghasa, Ráth Cruachan.

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.