Skip to content

Oidhreacht Éireann

Dún Aonghasa - Seandún Cloiche

Ceann de na dúnta is suntasaí in iarthar na hEorpa

Amanna oscailte go léir

Dún Aonghasa - Seandún Cloiche

Ceann de na dúnta is suntasaí in iarthar na hEorpa

See all opening times

Cead isteach

Duine Fásta: €5.00
Grúpa/Seanóir: €4.00
Leanbh/Mac Léinn: €3.00
Teaghlach: €13.00

Cead isteach saor in aisce nuair atá tú ag fanacht thar oíche ar an oileán, i lóistín atá ag glacadh páirt.

Getting here

Cill Mhuirbhigh
Inis Mór
Oileáin Árann
Co. na Gaillimhe
H91 YT20

Get Directions

Dún Aonghasa - Seandún Cloiche

Faisnéis Sábháilteachta do Chuairteoirí

Tá Dún Aonghasa thart ar 1km ón Ionad Cuairteoirí agus téitear chuig talamh ag ardú. Tá an chuid dheireanach den chosán os cionn carraig nádúrtha garbh agus tá gá le cúram, go háirithe agus tú ag teacht anuas. Moltar buataisí nó bróga siúil láidre. Níl aon fhál nó bac ar imeall na haille.

Óna shuíomh contúirteach os cionn na farraige ar bhruach aille rite, tugann Dún Aonghasa a aghaidh go dána ar an Aigéan Atlantach. Tá sé ar an dún réamhstairiúl is mó ar Oileáin Árann.

Tá trí chlaí cloiche cosanta ollmhóra sa dún. Taobh amuigh díobh tá chevaux-de-frise – is é sin, banda dlúth de chlocha spiacánacha ina seasamh, agus na mílte acu ann. Is bealach thar a bheith éifeachtach é le hionróirí a choinneáil amach, téann an chevaux-de-frise timpeall an dún iomláin ó aill go haill.

Tá Dún Aonghasa ann le breis agus 3,000 bliain. Nochtaigh tochailtí fianaise shuntasach de mhiotalóireacht réamhstairiúil, chomh maith le roinnt tithe agus adhlachtaí. Rinneadh an súiomh ar fad a athdhaingniú in AD 700-800.

Mar chuid den chuairt beidh siúlóid ghearr thar thalamh atá ag dul in airde, agus carraig gharbh nádúrtha, mar sin, bí ullamh le buataisí nó bróga láidre siúil. Bí cúramach freisin, agus tú ag siúl gar don aill – níl aon sconsa ná bacainn ag imeall an titim 87 méadar.

Uaireanta Oscailte

Oscailte i rith na bliana

Dúnta 24-30 Nollaig .

Meánfhad cuairte: Uair go leith

Fógra

Eolas Slándála: Tá beagnach 1km idir Ionad Dhún Aonghasa agus an dún fhéin. Tá an cosán déanta as gairbhéal garbh. Ag an 100m deirineach tá ort dreapadh thar chéimeanna cloiche nádúrtha. D’fhéadfadh sé bheith sleamhain anseo, ach go háirithe agus tú ag teacht anuas. Ní mór bróga láidire a bheith ort. Níl aon bhacaint ag imeall na h-aille.

Uaireanta Oscailte Séasúracha

Eanáir – Márta

09:30 – 16:00

Aibreán – Deireadh Fómhair

09:30 – 18:00

Samhain – Nollaig

09:30 – 16:00

Dúnta 24-30 Nollaig 

Teagmháil

Cill Mhuirbhigh
Inis Mór
Oileáin Árann
Co. na Gaillimhe
H91 YT20

099 61008

Tabhair cuairt anseo

Treoireacha: 7km siar as Cill Rónáin. Seirbhís farantóireachta as Ros a Mhíl go Cill Rónáin. Seirbhís aer as Indreabhán go Cill Éinne. Tá busannaí príomháideach agus rothar ar fáil ar cíos i gCill Rónáin.

Oscail suíomh i Google Maps

Roghnaigh modh taistil

Áiseanna

  • Páirceáil Rothar
  • Caifé
  • Card Accepted
  • Taispeántas
  • Turais threoraithe
  • Taispeántas léirmhínitheach
  • Leithris

Srianta

  • Madraí ar iall
  • Rochtain Theoranta
  • Fan ar ais ón imeall
  • Siúlóidí míchothrom

Suíomhanna cóngarach

B’fhéidir gur mhaith leat freisin

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.