Skip to content

Oidhreacht Éireann

Is é ár bpríomhaidhm seirbhís den scoth agus luach maith ar airgead a sholáthar do gach duine a thugann cuairt ar na láithreacha faoinár gcúram.

Tá cur chuige inbhuanaithe againn maidir le bainistiú agus caomhnú na láithreacha sin. Agus sin á dhéanamh, déanaimid iarracht na caighdeáin is airde a choimeád agus cuirimid dea-chleachtas gairmiúil i bhfeidhm i gcónaí.

Bímid réamhghníomhach i mbun caidrimh le comhpháirtithe, taobh istigh den OOP agus taobh amuigh araon, chun cuidiú linn an t-eastát oidhreachta a bhainistiú. Aithnímid, freisin, an luach a bhaineann le caidreamh le comhpháirtithe oidhreachta idirnáisiúnta, agus tomhaisimid ár n-aidhmeanna agus ár ngníomhaíochtaí i leith na n-eiseamláirí is fearr atá ar fáil, agus bíonn teacht againn ar thaighde ardchaighdeáin chun torthaí maithe a chinntiú d’oidhreacht na hÉireann.

Táimid tiomanta do thuiscint ar na hidéil a léirítear inár n-oidhreacht chultúrtha roinnte a chur chun cinn. De thoradh air sin, creidimid go mbeidh tuiscint níos fearr ag an ngnáthphobal ar thábhacht ár n-oidhreachta agus fonn ar an bpobal páirt a ghlacadh i gcosaint ár n-oidhreachta do na glúnta atá le teacht.

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.