Buaicphointí Inis Cathaigh agus an tIonad Cuairteoirí (7)
Tóg Turas Treoraithe
Lig dár dtreoraithe eolacha buaicphointí lonnaíocht mhainistreach Naomh Seanán a thaispeáint duit, ar nós fothracha na séipéal mórthaibhseach agus an túr ard cruinn. Éist leis na scéalta faoi stair shaibhir agus éagsúil an oileáin, ó thús an séú haois go dtí an lá atá inniu ann. Tógann an turas treoraithe timpeall 50 nóiméad agus críochnaíonn sé san ionad cuairteoirí, sean-teachín oileáin ina bhfuil earraí níos suimiúla fós ar taispeáint, lena n-áirítear cloch oghaim. Le cairt dathúcháin cuirfear siamsaíocht ar fáil do leanaí. Tógann an chuairt iomlán timpeall ar dhá uair go leith.
Lean Do Bhealach Féin
Más fearr leat breathnú timpeall ar lonnaíocht mainistreach ar do bhealach féin, tá fáilte romhat é sin a dhéanamh. Faigh bileog eolais le léarscáil den oileán agus chun do bhealach a dhéanamh.
Fan beagán níos faide
Má tá beagán níos mó ama agat le caitheamh ar an oileán, téigh ar shiúlóid go dtí daingean bataire gunna ó ré Napoleon, 200 bliain ó shin, agus go dtí an teach solais in aice leis atá fós ag feidhmiú. Tógann an tsiúlóid seo thart ar 20 nóiméad agus clúdaíonn sé páirceanna agus cladach creagach. Ina dhiaidh sin, cén fáth nach dtapaíonn tú an deis scíth a ligean ar na binsí picnice chun rud éigin a ithe?
Téigh Ar Shiúlóid Dúlra
Tá an t-oileán foirfe do shiúlóid dúlra má tá suim agat san éiceolaíocht. Tá go leor éan fiáin, coiníní agus plandaí éagsúla ann. Is bealach iontach é siúlóid dúlra do leanaí foghlaim faoin domhan timpeall orthu.
Glac Grianghraif
Is áit iontach í Inis Cathaigh le haghaidh grianghrafadóireacht. Tá go leor áiteanna ann inar féidir leat grianghraif iontacha a thógáil. Tá Ard na nAingeal, an cnoc is airde ar Inis Cathaigh, 68 troigh os cionn leibhéal na farraige agus tá radhairc de 360 céim timpeall an oileáin le fáil ann. Ag breathnú siar is féidir leat an bealach ar fad go dtí béal na Sionainne a fheiceáil.
Bain Brí as na Leaca Uaighe
Féach thart ar an reilig ina gcuirtear na hoileánaigh. Tá siombailí den chéasadh ar roinnt leaca uaighe agus tá feartlaoithe neamhchoitianta ar chuid eile. Murar féidir leat iad a dhéanamh amach go hiomlán, nó b’fhearr leat iad a lorg i gcompord agus i bhfoscadh, tá taifead déanta do chuile inscríbhinn uaighe agus tá said ar taispeáint san ionad cuairteoirí.
Labhair lenár dTreoracha
Tá na treoraithe turais ar Inis Cathaigh thar a bheith cairdiúil agus eolach. Tá siad ann chun cabhrú leat agus beidh siad an-sásta cibé ceisteanna a d’fhéadfadh a bheith agat faoi stair an oileáin a fhreagairt.