Ionad Cuairteoirí Ráth Cruachan
Lean lorg na Banríona Medb ag príomhchathair ársa Chonnacht
09:15 – 16:30 Luan go Satharn
Ionad Cuairteoirí Ráth Cruachan
Tá breis agus 240 láithreán seandálaíochta suite go docht i gcúpla ciliméadar cearnach de thírdhreach Ros Comáin i Ráth Cruachan. Ina measc seo tá tuamaí ón gClochaois agus dumhaí adhlactha ríoga, liosanna móra agus áiteanna searmanais oirnithe.
Is é an rud is suntasaí, b’fhéidir, ná gur rialaigh an sárlaoch, an Bhanríon Medb Connacht go léir óna teach cónaithe ag Ráth Cruachan.
Bain taitneamh as seandálaíocht, miotaseolaíocht agus stair shaibhir Ráth Cruachan trínár seomraí léirmhínithe agus turais threoraithe ó shaineolaithe. Tá Ionad Cuairteoirí Ráth Cruachan, suíomh ár n-iarsmalainne, suite i sráidbhaile meánaoiseach Thuilsce, Co. Ros Comáin.
(Is Tionscnamh um Rannpháirtíocht Pobail é seo, arna thacú ag Oifig na nOibreacha Poiblí.)
Gailearaí
Uaireanta Oscailte
Oscailte ar feadh na bliana (Luan go Satharn)
09:15 – 16:30
Cead isteach deiridh san iarsmalann 16:00
Turais Threoraithe ar Láithreáin 12:00; 14:00 (an samhradh amháin)
Meánfhad na Cuairte: 2 uair
Fógra
Le haghaidh an turais treoraithe ar na láithreáin, moltar do chuairteoirí éadaí cosanta aimsire agus bróga atá oiriúnach chun siúl thar tír-raon míchothrom a chaitheamh.
Tabhair cuairt anseo
16 Km ó Ros Comáin le comharthaí ón N61 nó 11 Km ó Bhéal na mBuillí ón N5
Roghnaigh modh taistil
Áiseanna
- Seó Closamhairc
- Seomra Gléasta Páiste
- Páirceáil Rothar
- Bróisiúr
- Caifé
- Carrchlós
- Páirceáil cóiste
- Siopa bronntanas
- Turais threoraithe
- Taispeántas léirmhínitheach
- Leithris
- Leithreas inrochtana
- Wi-Fi
Srianta
- Rochtain Theoranta
Suíomhanna cóngarach
Ionad Cuairteoirí Ráth Cruachan
Mainistir Na Búille
Téigh siar i stair na mainistreacha in Éirinn
Timpeall 21.8 km ón Ionad Cuairteoirí Ráth Cruachan
Bóthar Iarannaoise agus Ionad Cuairteoirí na Coirre Léithe
Cosán isteach sa stair
Timpeall 32.6 km ón Ionad Cuairteoirí Ráth Cruachan
Láithreán Mainistreach Chluain Mhic Nóis
Mainistir shuntasach ar bhruach abhainn na Sionainne
Timpeall 53.3 km ón Ionad Cuairteoirí Ráth Cruachan