Skip to content

Oidhreacht Éireann

Maoin Oidhreachta Domhanda EOECNA Sceilg Mhichíl

Mainistir Oileánda ina seasamh go hard os cionn na farraige

11 Bealtaine - 01 Deireadh Fómhair 2024

Amanna oscailte go léir

Maoin Oidhreachta Domhanda EOECNA Sceilg Mhichíl

Mainistir Oileánda ina seasamh go hard os cionn na farraige

11 Bealtaine - 01 Deireadh Fómhair 2024

See all opening times

Ionad dúnta

Cead isteach

Saor in Aisce

Táille ar leithligh gearrtha ag Oibreoirí Bád

Is féidir liosta Oibreoirí Bád a fháil anseo

Getting here

Co. Chiarraí
N/A

Get Directions

Maoin Oidhreachta Domhanda EOECNA Sceilg Mhichíl

Tá Sceilg Mhichíl iontach ar cheann de dhá Láithreán Oidhreachta Domhanda de chuid UNESCO i bPoblacht na hÉireann.

Tá mainistir Naomh Fionán, ceann de na lonnaíochtaí is sine sa tír, suite ar mhullach na carraige maorga seo amach ó chósta Chiarraí. Ba i mbotháin chloiche a raibh cruth coirceoige orthu, a chodail agus a ghuigh na manaigh agus tá mórán de na botháin sin ina seasamh fós sa lá atá inniu ann.

D’fhág na manaigh an t-oileán sa tríú haois déag. Rinneadh ionad oilithreachta de agus in aimsir na bPéindlíthe, bhí sé ina thearmann ag Caitlicigh.

Má leanann tú cosán na manach, beidh ort 618 céim mhíchothrom a dhreapadh, Tá dua ag baint le dul chuig an mbarr, ach is fiú go mór é.

Chomh maith leis an saibhreas staire, tá flúirse mhór de bheathra éan ar an oileán agus thart timpeall air. Is ar an Sceilg Bheag atá an choilíneacht gainéad is mó ar domhan.

Uaireanta Oscailte

11 Bealtaine – 01 Deireadh Fómhair 2024

Athraíonn na socruithe maidir le hoscailt, ag brath ar an aimsir.

Ní bhíonn aon fhoireann ar an suíomh ag amanna eile agus tá cosc ar chuairteanna.

Meánfhad Cuairte: 2.5 uair (gan turas báid san áireamh)

Fógra

Iarrtar ar chuairteoirí cloí le treoracha Fhoireann Treorach OPW i gcónaí.

Chun cuairt a thabhairt ar an mainistir ní mór dul suas 618 céim, ag dréimeadh breis agus 600 troigh (180 méadar). Is dreapa deacair é agus ba chóir do dhaoine a bhfuil fadhb sláinte orthu a dteorainneacha fisiceacha féin a mheas go cúramach sula ndéanfaidh siad iarracht an chuid seo den suíomh a thaiscéaladh.

  • Caithfidh cuairteoirí fanacht ar na conairí aitheanta i gcónaí
  • Caithfear leanaí a mhaoirsiú go cúramach i gcónaí
  • Bítear san airdeall faoi chlocha ag titim
  • Tá fána géar ar na céimeanna
  • Níl na céimeanna cothrom
  • Bíonn na céimeanna sleamhain nuair a bhíonn siad fliuch

Moltar do chuairteoirí uisce a thabhairt leo agus éadaí cosanta a chaitheamh

Is láthair thar a bheith leochaileach é seo agus iarrtar ar chuairteoirí comhoibriú lenár n-iarrachtaí an séadchomhartha seo a chosaint.

Teagmháil

Co. Chiarraí
N/A

Tabhair cuairt anseo

Turas báid 11.5km ón gCaladh, ó Dhairbhre nó ó Bhaile an Sceilg

Oscail suíomh i Google Maps

Roghnaigh modh taistil

Áiseanna

  • Turais threoraithe

Srianta

  • Coinnigh an ráille láimhe
  • Rochtain Theoranta
  • Fan ar ais ón imeall
  • Siúlóidí míchothrom

Suíomhanna cóngarach

B’fhéidir gur mhaith leat freisin

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.