Mainistir Phroinsiasach Mhainistir an Rois
Sracfhéachaint iontach ar an Mainistir Phroinsiasach is fearr caomhnaithe in Éirinn
Unguided sitesAccess available during daylight hours
Áiseanna
- Carrchlós
Sracfhéachaint iontach ar an Mainistir Phroinsiasach is fearr caomhnaithe in Éirinn
Unguided sitesAccess available during daylight hours
Séadchomhartha Náisiúnta saor in aisce é Mainistir Phroinsiasach Mhainistir an Rois atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí
*Téann tú isteach an geata chuig an láithreán, os cionn gráta eallaigh / bóthar isteach caol*
Bunaíodh Mainistir Phroinsiasach Mhainistir an Rois i lár an 14ú haois, agus é ar cheann de na lonnaíochtaí eaglasta críochnaithe is fearr caomhnaithe in Éirinn.
Is é Sir William de Burgo a bhunaigh an mhainistir don ord Proinsiasach i lár an 14ú haois, tá Mainistir Mhainistir an Rois ar cheann de na lonnaíochtaí eaglasta is fearr caomhnaithe in Éirinn. Forbraíodh go leor den mhéid atá le feiceáil anseo inniu as sin go ceann céad bliain, agus tógadh an túr in 1498. Tá seomraí teaghlaigh grúpáilte timpeall ar dhá chlabhstra sa lár, ó dheas agus tá séipéal agus cloigtheach ó thuaidh. Bhí oigheann sa chistin agus umar uisce d’iasc beo, chomh maith le bácús agus proinnteach.
Ghabh coróin Shasana seilbh ar an mainistir in 1538 tráth ar dhíscaoil Anraí VIII na mainistreacha ar fad in Éirinn. Ar an 10 Lúnasa 1656 thruailligh saighdiúirí Chromail an láthair, d’fholmhaigh siad fiú na cónraí agus iad ar thóir óir, airgid, agus cloch lómhar. Tar éis Réabhlóid Ghlórmhar 1688 agus tar éis an Popery Act a thabhairt isteach in 1698, chuaigh Proinsiasaigh na mainistreach ar a dteitheadh agus thréig an láthair. D’fhill siad in 1715, d’fhan siad ann go dtí lár an chéid sin, agus ina dhiaidh sin ligeadh an mhainistir i bhfaillí agus thit sí ina fothrach mar atá sí inniu, cé go raibh daoine á n-adhlacadh ann suas go dtí an 20ú haois.
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá cosaint ag an séadchomhartha náisiúnta seo de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Seoid stairiúil i gcroílár Chonamara
Timpeall 11.7 km ón Mainistir Phroinsiasach Mhainistir an Rois
Suaitheantas de thiarnas na Normannach
Timpeall 32.5 km ón Mainistir Phroinsiasach Mhainistir an Rois
Teachín ar maos sa stair réabhlóideach agus i gcultúr na nGael
Timpeall 33.8 km ón Mainistir Phroinsiasach Mhainistir an Rois
Mainistir atá suite ar shlí oilithreachta thábhachtach
Timpeall 38.6 km ón Mainistir Phroinsiasach Mhainistir an Rois
Timpeall 39.5 km ón Mainistir Phroinsiasach Mhainistir an Rois
Fothracha Mainistreach Agaistíní faoi scáil Chruach Phádraig
Timpeall 47.5 km ón Mainistir Phroinsiasach Mhainistir an Rois