Skip to content

Oidhreacht Éireann

Buaicphointí Caisleán Lios Tuathail (4)

  1. Turais Iontacha

    Turais Iontacha

    Ag Caisleán Lios Tuathail, cuireann foireann threoraithe oilte fáilteach an OPW turais saor in aisce ar fáil do gach cuairteoir. Lig dóibh siamsa a dhéanamh duit le scéalta faoi stair an chaisleáin. Mar shampla, faigh amach faoin léigear a tharla le linn Chogadh na Naoi mBliana i mí na Samhna 1600. Foghlaim faoin gcaoi ar choinnigh fórsa beag de 18 reibiliúnach Éireannach an caisleán ar feadh 28 lá i gcoinne airm ionsaithigh de 300 saighdiúir Sasanach sular ghéill siad sa deireadh. Beidh an-áthas orainn ceisteanna ar bith atá agat faoin suíomh a fhreagairt.

  2. Blaiseadh den Saol Meánaoiseach

    Blaiseadh den Saol Meánaoiseach

    Dreap suas staighre meánaoiseach chontúirteach an chaisleán – ach bí cúramach! Breathnaigh timpeall ar na seomraí ar bharr an chaisleán chun léargas iontach a fháil ar an saol a bhí ag tiarnaí Chiarraí, chomh maith lena seirbhísigh agus na saighdiúirí a bhí ina gcónaí ann.

  3. Tomás an Ápa

    Tomás an Ápa

    Bí ag faire amach d’aghaidh chloiche Tomás an Ápa. Deirtear go léiríonn an snoiteán ghruama seo, atá suite go hard ar taobh thuaidh bhalla an chaisleáin, ceann de na tiarnaí Normannacha áitiúla, Tomás Mac Gearailt.

  4. Lánléargas a Bhainfeadh an Anáil Díot

    Lánléargas a Bhainfeadh an Anáil Díot

    Téigh go barr staighre sheachtraigh an chaisleáin agus mar chúiteamh duit feicfidh tú ceann de na radhairc lánléargais is fearr i mbaile Lios Tuathail, Ráschúrsa Lios Tuathail agus an Fhéil mhaorga ina measc.

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.