Skip to content

Oidhreacht Éireann

Cúirt agus Eastát Ioma

Sárshampla den ailtireacht nuachlasaiceach

08:30 – 20:30

Amanna oscailte go léir

Cúirt agus Eastát Ioma

Sárshampla den ailtireacht nuachlasaiceach

08:30 – 20:30

See all opening times

Rochtain laghdaithe

Páirceannna ar oscailt gach Lá
Gairdíní ar oscailt gach Lá Bealtaine- Meán Fómhair
Seomraí tae ar oscailt gach Lá
Teach dúnta faoi láthair le haghaidh oibreacha athchóirithe.

Cead isteach

Ó 1 Eanáir 2022:

Duine Fásta: €8.00
Grúpa/Seanóir: €6.00
Leanbh/Mac Léinn: €4.00
Teaghlach: €20.00

Getting here

Ioma
Co. Laois
R32 C44V

Get Directions

Follow us

Cúirt agus Eastát Ioma

Sampla den scoth de Theach Mór nuachlasaiceach is ea Cúirt Ioma, atá suite i lár Shliabh Bladhma. Chuaigh an t-ailtire cáiliúil, James Gandon, a bhí díreach críochnaithe lena chuid oibre ar Theach an Chustaim agus ar na Ceithre Cúirteanna i mBaile Átha Cliath, i mbun oibre ar Chúirt Ioma in 1790. Ainneoin sin, níor críochnaíodh an foirgneamh atá ina sheasamh ansin anois go ceann 70 bliain ina dhiaidh sin.

Bhí an t-eastát mar áit chónaithe ag iarlaí Chúl an tSúdaire nó gurbh éigean dóibh imeacht as Éirinn go buan de bharr Chogadh na Saoirse. Ghlac na hÍosánaigh seilbh ar an áit roinnt blianta ina dhiaidh sin, agus is ann a cuireadh oiliúint ar thart ar 500 nóibhíseach de chuid an oird nuair a bhí sí mar Nóibhíseacht ag Proibhinse na hÉireann.

Ghlac an Maor Cholmeley-Harrison seilbh ar Chúirt Ioma sna 1960idí agus rinne sé athchóiriú iomlán uirthi. D’oscail sé na gairdíní áille agus an fearann páirce don phobal agus i ndeireadh na dála bhronn sé an t-eastát go léir ar mhuintir na hÉireann in 1994.

Anois is féidir le cuairteoití taitneamh a bhaint as siúlóidí an locha agus na coillearnaí nó as lúbán trí na gairdíní sula ligfidh siad a scith sa seomra tae taitneamhacha.

Tá an teach á athchóiriu go cúramach agus go sainiúil ag OPW faoi láthair agus beidh taispeántais nua le hiniúchadh.

Uaireanta Oscailte

Ar oscailt an bhliain ar fad, ach amháin Lá Nollag.

Meánfhad cuairte: 1 uair

Fógra

Tabhair faoi deara: Tá teach ag Cúirt Ioma dúnta faoi láthair le haghaidh oibreacha athchóirithe.

Ár leithscéal as an míchaoithiúlacht.

Tabhair faoi deara gur chóir do chuairteoirí ar an láithreán a bhféadfadh cúnamh spéisialta a bheith ag teastáil uathu nó iad siúd a bhfuil fabhbanna soghluaisteachta acu dul i dteagmháil go díreach le Cúirt Ioma agus Fearainn na Páirce ar +353 57 8626573 roimh a gcuairt.

Tailte: Tá fáilte roimh mhadraí ach ní mór iad a choinneáil ar seolta i gconaí.

Ní cheadaítear rothaíocht ar shíulbhealaí.

Gan soilsiú dóiteáin.

Uimh barbeque.

Le linn shéasúr an gheimhridh,d’fhéadfadh sé nach n-osclófar Cúirt Ioma agus Fearainn na Páirce de bharr drochaimsire. I gcás na drochaimsire ,cuir glaoch ar +353 57 862 6573 sula dtosnaíonn tú ar do thuras chun diomá a sheachaint agus chun eolas a fhail. Gabhaimíd leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht a tharla.

Rabhadh Guaise 

Loch i dtailte páirce- rabhadh uisce domhain. Tír- raon éagothrom i bpáirceanna- coisbheart oiriúnach ag teastáil.

Uaireanta Oscailte Séasúracha

8Samhain, Nollaig Eanáir

08:30 – 16:30

Márta & Deireadh Fómhair

08:30 – 18:30

Feabhra

08:30- 17:30

Aibreán & Meán Fómhair

08:30 – 20:00

Bealtaine - Lúnasa

08:30 – 21:00

Teagmháil

Ioma
Co. Laois
R32 C44V

057 862 6573

Tabhair cuairt anseo

2.5km ó Ioma. (Is féidir teacht ar ón mbóthar ó Chill Dara go Port Laoise – N7) 7km ó stáisiún traenach Chúil an tSúdaire

Oscail suíomh i Google Maps

Roghnaigh modh taistil

Áiseanna

  • Seomra Gléasta Páiste
  • Bróisiúr
  • Caifé
  • Carrchlós
  • Card Accepted
  • Taispeántas
  • Turais threoraithe
  • Taispeántas léirmhínitheach
  • Limistéar Picnice
  • Leithris

Srianta

  • Madraí ar iall

Suíomhanna cóngarach

B’fhéidir gur mhaith leat freisin

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.