Skip to content

Oidhreacht Éireann

Cúirt agus Eastát Dhún ar Aill

Leagan fíorshaoil de Downton Abbey i dTuaisceart Chorcaí

Amanna oscailte go léir

Cúirt agus Eastát Dhún ar Aill

Leagan fíorshaoil de Downton Abbey i dTuaisceart Chorcaí

See all opening times

Dúnfar cúirt Dhún ar Aill go dtí Dé hAoine 19 Aibreán 2024

Tá seomraí tae oscailte agus bPáirc Dhún ar Aill mar is gnáth

Gabh leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht

Cead isteach

Duine Fásta: €8.00
Grúpa/Seanóir: €6.00
Leanbh/Mac Léinn6 €4.00
Teaghlach: €20.00

Getting here

Dún ar Aill
Co. Chorcaí
P51 XR66

Get Directions

Follow us

Cúirt agus Eastát Dhún ar Aill

Seasann Cúirt Dhún ar Aill go maorga os cionn Pháirc aoibhinn Dhún ar Aill, eastát 160 heicteár d’fhearann páirce agus fiadhúlra a bhfuil tírdhreachtú déanta air.

Ba é teaghlach St Leger a thóg an teach timpeall 1645 ar shuíomh sheanchaisleáin a bhí réidh le titim. Faoin am a ndearnadh athchóiriú air i lár an ochtú haois déag, bhí sé ina shár-eiseamláir den ailtireacht Sheoirseach. Rinneadh cur síos air mar ‘leagan fíorshaoil de Downton Abbey’.

Bhí cónaí ar thrí ghlúin déag de theaghlach St Leger ag Dún ar Aill thar thréimhse trí chéad bliain. Bhí daoine neamhchoitianta sa chlann. Mar shampla, cuireadh ainm Elizabeth St Leger sna cuntais staire nuair ab í an chéad bhean ar domhan í a ndearnadh máisiún di in 1712.

Tá an fearann páirce deartha i stíl nádúraíoch an ailtire tírdhreacha cháiliúil, Capability Brown. Mar chuid den fhearann tá gnéithe áille uisce, garraí daingean parterre agus teachíní garraíodóirí. Tá líon mór conairí agus siúlóidí grádaithe ann. Má bhíonn an t-ádh ar chuairteoirí, seans go bhfeicfidh siad cuid de na fianna rua, na fianna buí, na fianna Seapánacha agus na ba Chiarraíocha a mhaireann ar an eastát.

Uaireanta Oscailte

Cúirt Dhún ar Aill: 

16 Márta- 3 Samhain 2024 5 lá na seachtaine (Dúnta Dé Céadaoin agus Déardaoin) ó 10:00 go 16:00, turais ar an uair Rochtain ar thuras treoraithe amháin áitíocht uasta 18 in aghaidh an ghrúpa

Glaoigh ar 046 9423174 chun áit a chur in áirithe nó seol ríomhphost chuig donerailecourt@opw.ie Ticéid ar fáil ag an doras freisin.

Is féidir cuairt a thabhairt ar na páirceanna stairiúla mórthimpeall ar Eastát Dhún ar Aill le linn na n-amanna oscailte atá liostaithe thíos:

Earrach/Samhradh (Ó Márta) Luan – Aoine 08:00 – 20:00

Satharn – Domhnach 08:00 – 20:00

Laethanta Saoire Bainc 08:00 – 20:00

Fómhar/Geimhreadh (Ó Dé Domhnaigh 31 Deireadh Fómhair) Luan – Aoine 08:00 – 17:00

Satharn – Domhnach 08:00 – 17:00

Laethanta Saoire Bainc 08:00 – 17:00

Teagmháil

Dún ar Aill
Co. Chorcaí
P51 XR66

046 9423174 / 046 9423175

Tabhair cuairt anseo

11km soir ó thuaidh ó Mhala
Téigh thart ar 6km ar an mbóthar N20 go Luimneach. Cas ar dheis ar bhóthar Bhaile Mhistéala (R581) agus lean ort ar feadh thart ar 8km. Tóg an R522.

Oscail suíomh i Google Maps

Roghnaigh modh taistil

Áiseanna

  • Ealaín
  • Caifé
  • Carrchlós
  • Card Accepted
  • Páirceáil cóiste
  • Turais threoraithe
  • Ardaitheoir
  • Limistéar Picnice
  • Clós Súgartha
  • Leithris
  • Tá rochtain éasca ag cathaoireacha rothaí air

Srianta

  • Madraí ar iall

Suíomhanna cóngarach

B’fhéidir gur mhaith leat freisin

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.