Cúirt agus Eastát Dhún ar Aill
Leagan fíorshaoil de Downton Abbey i dTuaisceart Chorcaí
Eastát oscailte i rith na bliana. Dúnfar Cúirt Dhún Aill -2 Samhain 2025.
Cúirt Dhún Aill
Oscailte: Déardaoin - Luan 10:00 - 17:00 go dtí an 2 Samhain 2025
Turais Threoraithe – gach uair an chloig ó 10:00 leis an turas deireanach ag 15:00
Tá Cúirt Dhún Aill Dúnta Dé Máirt agus Dé Céadaoin.
Tá Caifé Sarah i gCúirt Dhún Aill oscailte Dé hAoine, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh ó 10:00 go 15:00. Tá seirbhís beir leat ar fáil freisin. Osclóidh an Caifé ar an Luan Saoire Bainc an 27 Deireadh Fómhair.
Tá na páirceanna fós oscailte an bhliain ar fad.
Mar gheall ar chúiseanna oibríochta, dúnfaidh na leithris phoiblí sa pháirc ag 16:00.
*Ó na Déardaoin go dtí an Luan, tá leithreas malartach ar chúl gates
Cead isteach
Duine Fásta: €8.00
Grúpa/Seanóir: €6.00
Leanbh/Mac Léinn6 €4.00
Teaghlach: €20.00
Follow us
Cúirt agus Eastát Dhún ar Aill
Seasann Cúirt Dhún ar Aill go maorga os cionn Pháirc aoibhinn Dhún ar Aill, eastát 160 heicteár d’fhearann páirce agus fiadhúlra a bhfuil tírdhreachtú déanta air.
Ba é teaghlach St Leger a thóg an teach timpeall 1645 ar shuíomh sheanchaisleáin a bhí réidh le titim. Faoin am a ndearnadh athchóiriú air i lár an ochtú haois déag, bhí sé ina shár-eiseamláir den ailtireacht Sheoirseach. Rinneadh cur síos air mar ‘leagan fíorshaoil de Downton Abbey’.
Bhí cónaí ar thrí ghlúin déag de theaghlach St Leger ag Dún ar Aill thar thréimhse trí chéad bliain. Bhí daoine neamhchoitianta sa chlann. Mar shampla, cuireadh ainm Elizabeth St Leger sna cuntais staire nuair ab í an chéad bhean ar domhan í a ndearnadh máisiún di in 1712.
Tá an fearann páirce deartha i stíl nádúraíoch an ailtire tírdhreacha cháiliúil, Capability Brown. Mar chuid den fhearann tá gnéithe áille uisce, garraí daingean parterre agus teachíní garraíodóirí. Tá líon mór conairí agus siúlóidí grádaithe ann. Má bhíonn an t-ádh ar chuairteoirí, seans go bhfeicfidh siad cuid de na fianna rua, na fianna buí, na fianna Seapánacha agus na ba Chiarraíocha a mhaireann ar an eastát.
Buaicphointí

Gailearaí
Uaireanta Oscailte
Cúirt Dhún ar Aill:
Déardaoin – Dé Luain
10:00 – 17:00 Dúnta ón 2 Samhain 2025
Turais Threoraithe – ar an uair ó 10:00.
Dúnta Dé Máirt agus Dé Céadaoin.
Eastát Dhún ar Aill:
Is féidir cuairt a thabhairt ar na páirceanna stairiúla mórthimpeall ar Eastát Dhún ar Aill le linn na n-amanna oscailte atá liostaithe thíos:
Earrach/Samhradh Deardaoin– Aoine 08:00 – 20:00
Laethanta Saoire Bainc 08:00 – 20:00
Geimhreadh
(26 Deireadh Fómhair 2025- 29 March 2026) Luan – Aoine 08:00 – 17:00
Satharn – Domhnach 08:00 – 17:00
Laethanta Saoire Bainc 08:00 – 17:00
**Amanna dúnata dó geataí agus leithris le tabhairt faoi deara le linn an ama seo:** Clós Chúirt Dhún ar Aill, Lóiste Phelans/Geataí na dTiarnaí: 16:00
Clós Súgartha & Leithris Phoiblí:16:30
Geata Fishpond Lane: 16:45
Áirse Bua agus Príomhgheataí go Páirc Dhún Aill 17.00pm
Fógra
Tá caifé Sarah i gCúirt Dhún ar Aill oscailte ó Aoine go Domhnach, uaireanta oscailte 10.00 – 15:00.
Tabhair cuairt anseo
11km soir ó thuaidh ó Mhala
Téigh thart ar 6km ar an mbóthar N20 go Luimneach. Cas ar dheis ar bhóthar Bhaile Mhistéala (R581) agus lean ort ar feadh thart ar 8km. Tóg an R522.
Roghnaigh modh taistil
Áiseanna
- Ealaín
- Caifé
- Carrchlós
- Card Accepted
- Páirceáil cóiste
- Turais threoraithe
- Ardaitheoir
- Limistéar Picnice
- Clós Súgartha
- Leithris
- Tá rochtain éasca ag cathaoireacha rothaí air
Srianta
- Madraí ar iall
Suíomhanna cóngarach
Cúirt agus Eastát Dhún ar Aill
Gairdíní Garrán Anna
Parthas Gairneoireachta i dtuaisceart Chorcaí
Timpeall 7.7 km ón Cúirt agus Eastát Dhún ar Aill
Ionad Cuairteoirí agus Páirc- Cois Locha Loch Goir
9,000 bliain den saol
Timpeall 34.4 km ón Cúirt agus Eastát Dhún ar Aill
Crannlann agus Gairdíní Fhóite
Téigh ag fámaireacht thart ar ósais oileánda de fhlóra neamhchoitianta andúchasacha
Timpeall 40.4 km ón Cúirt agus Eastát Dhún ar Aill










