Skip to content

Oidhreacht Éireann

Buaicphointí Cúirt agus Eastát Dhún ar Aill (7)

  1. Fiosraigh Chúirt Dhún ar Aill

    Fiosraigh Chúirt Dhún ar Aill

    Tóg turas treoraithe ar Chúirt Dhún ar Aill, teach Seoirseach maorga atá suite ar bharr cnoic, le radharc a bhainfeadh an anáil díot ag breathnú amach ar thailte atá tírdhreachaithe i stíl Capability Brown iomráiteach.

    Bhí Cúirt Dhún ar Aill mar theach cónaithe do chlann St Leger ar feadh breis agus 300 bliain. Rinneadh athchóiriú ar an mbunurlár agus anois tá roinnt bailiúcháin feistis agus ealaíne mór le rá ann. Buaicphointe amháin is ea an pictiúr suntasach ón seachtú haois déag le Frans Snyders, Battle of the Birds.

  2. Gairdíní Aoibhne

    Gairdíní Aoibhne

    Tá na Faichí Pléisiúir, Gairdíní Parterre agus iarsmaí an Fhíonghoirt/an Ghiúisghoirt agus Gairdíní Meiriceánacha san áireamh sa turas treoraithe. Caith roinnt ama ag breathnú ar an rogha plandaí agus bláthanna.

  3. An Oidhreacht Liteartha

    An Oidhreacht Liteartha

    Tá traidisiún láidir liteartha ag an eastát agus ag an sráidbhaile máguaird, lena n-áirítear Elizabeth Bowen, Canon Sheehan agus Edmund Spenser, a bhronn cáil síoraí ar an Abha Bheag mar gheall ar a dhán The Faerie Queene. Cruthaíodh clár cultúrtha Dhún ar Aill chun oidhreacht liteartha an Teach a cheiliúra.

  4. Glac Sos sna Seomraí Tae

    Glac Sos sna Seomraí Tae

    Nuair atá an saol mar a bhí thuas, feicthe agat, téigh síos an staighre chun roinnt aoibhnis a fháil i sciathán cistine an naoú haois déag. Le síleáil ard fíor-álainn, urlár leaca agus gnéithe stairiúla, is áit foirfe iad seomraí tae fáilteach, gnaíúil Chúirt Dhún ar Aill le haghaidh sneaiceanna, ceapaire nó rud éigin níos substaintiúla a ithe, le thú a choinneál ag imeacht le linn do chuairt. Lig do scíth faoi spéartha gorma sa chlós nó socraigh síos in aice leis an sorn le deoch the.

  5. Bí ag fánaíocht ar fud 160 Heicteár de Thalamh Páirce

    Bí ag fánaíocht ar fud 160 Heicteár de Thalamh Páirce

    Romhat, tá160 heicteár iomlán de thalamh páirce le ballaí thar timpeall.  Caith roinnt am suaimhneach ag baint taitnimh as na droichid aolchloiche áille a théann suas go Cúirt Dhún ar Aill, na heasanna iontacha agus na locháin éisc agus an iliomad speiceas crainn, cuid acu atá na céadta bliain d’aois. Roghnaigh bealach siúil dathchódaithe a oireann do do leibhéal aclaíochta.

  6. Fiadhúlra Do-Chreidte

    Fiadhúlra Do-Chreidte

    Tá fianna Seapánacha, fianna rua agus fianna buí ag Dún ar Aill, chomh maith le tréad eallach Chiarraí, atá faoi chosaint, le feiceál agus tú ag spaisteoireacht tríd an bpáirc. Má bhíonn an t-ádh leat b’fhéidir go bhfeicfeá iora rua nó fiú madra uisce ar bhruacha an Abha Bheag. Agus tú ag cuardach fiadhúlra, ná déan dearmad breathnú suas – is tearmann sábháilte do roinnt speiceas ialtóg iad ár mboscaí crainn.

  7. Bíodh Spraoi agat i gClós Súgartha na Leanaí

    Bíodh Spraoi agat i gClós Súgartha na Leanaí

    Tá go leor gnéithe iontacha i gclós súgartha na bpáistí i bPáirc Dhún ar Aill, lena n-áirítear ziplíne an-chorraitheach. Lig do do leanaí beaga a gcuid fuinnimh breise a ídiú sa spás sábháilte spraíúil seo.

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.