Skip to content

Oidhreacht Éireann

Faoin scéim seo, is féidir le gach uile dhalta bunscoile agus dara leibhéal iniúchadh a dhéanamh ar na láithreáin iontacha atá againn, saor in aisce. Chun leas a bhaint as an áis seo cuairt saor in aisce a dhéanamh, níl le déanamh ach do chuairt a chur in áirithe díreach leis an láithreán atá roghnaithe agat 21 lá ar a laghad roimh ré, agus é a dhearbhú tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig roimh do chuairt.

NB:Mar gheall ar an éileamh ard ar áirithintí grúpa, ní féidir gach iarratas a éascú go háirithe iarratais iolracha ón eagraíocht/cuideachta/scoil amháin.

Anuas air sin, caithfidh na cuairteanna a dhéanamh le linn na scoilbhliana agus ní mór dóibh a bheith bainteach leis an gcuraclam náisiúnta atá faofa ag an Roinn Oideachais agus Scileanna.

Ar mhaithe le do chompord féin, smaoinigh ar an chuairt a bheartú don séasúr ciúin – fágfar go mbeidh níos mó spáis ar fáil do do ghrúpa chun iniúchadh fairsing a dhéanamh más rud é nach bhfuil an oiread sin daoine eile ann. Beifear in ann comhairle a chur ort i ngach aon láithreán faoin am is fearr chun cuairt a thabhairt.

Tá na Téarmaí agus Coinníollacha go léir ar fáil anseo.

Téarmaí agus Coinníollacha (Doc)

Polasaí um Chosaint Leanaí an OPW (PDF)

Íoslódáil an Fhoirm Áirithinte

 

Young boy on tour of the Pearse Museum
Pearse Museum Tour

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol