Oidhreacht Éireann

Oidhreacht Náisiúnta na hÉireann faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

Srianta um Covid-19 Leibhéal 5

Tá cinneadh déanta ag an rialtas go gcuirfear Éire go léir ar Leibhéal 5 den Phlean Maireachtála le COVID, ó mheán oíche Dé Céadaoin 21 Deireadh Fómhair.

Tá láithreáin Oidhreachta an OPW go léir nach bhfuil lonnaithe amuigh faoin spéir dúnta anois. Tá páirceanna súgartha agus limistéir súgartha amuigh faoin spéir, chomh maith le páirceanna, fós ar oscailt, faoi réir bearta cosanta, chomh maith le limistéir amuigh faoin spéir ag roinnt de na Séadchomharthaí Náisiúnta. Féach ar na leathanaigh ar leith ar heritageireland.ie chun teacht ar eolas faoi na socruithe oscailte a bhaineann leis na láithreáin ar leith.

Go raibh maith agat as comhoibriú linn.

Cead isteach saor in aisce / laghdaithe

Tá cead isteach saor in aisce / laghdaithe i gcuid mhaith dár suíomhanna le táillí iontrála go dtí deireadh 2020. Níl an Scéim Dé Céadaoin Saor in Aisce infheidhmithe a thuilleadh.

COVID-19

Tabhair faoi deara le do thoil, de bharr go ndúnfar ár suíomhanna cuairteoirí mar thoradh ar Covid-19, go leathnófar gach Cárta Oidhreachta atá le dul in éag idir 14 Márta 2020 agus 13 Márta 2021, ar feadh bliana iomláine.

Ag spreagadh paisean ónár stair.

Is muide seirbhís timpeallachta stairiúla Rialtas na hÉireann.

Faigh amach níos mó faoi céard a dhéanann muid.

Suíomhanna Móréileamh

Aimsigh iarsmaí tuamaí réamhstairiúla. Samhlaigh na sceitimíní a chuirfí ort agus tú ag iarraidh caisleán a chosaint. Téigh ag siúl trí hallaí meánaoiseacha. Cuir dúspéis i suaimhneas gairdíní ón seansaol agus i mbreáthacht eastát mór.

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.

Seol