Crannlann agus Gairdíní Fhóite
Téigh ag fámaireacht thart ar ósais oileánda de fhlóra neamhchoitianta andúchasacha
Cead isteach
Tabhair faoi deara le do thoil nach gclúdaíonn 
Cárta Oidhreachta OOP iontráil go dtí an Teach , 
níl aon táille iontrála ar na Gairdíní.
Crannlann agus Gairdíní Fhóite
Ní mór do dhuine ar bith a bhfuil suim aige nó aici sa ghairneoireacht cuairt a thabhairt ar chrannlann agus ar ghairdíní Oileán Fhóite, 16 chiliméadar amach ó lár chathair Chorcaí.
Síneann an chrannlann amach thar 11 heicteár agus tá ceann de na bailiúcháin is breátha ann de chrainn agus de thoir neamhchoitianta leochaileacha atá ag fás amuigh faoin aer san Eoraip. De bharr na coinníollacha uathúla atá ag Fóite – ithir the agus suíomh foscúil – fásann mórán samplaí iontacha de phlandaí andúchasacha ón leathsféar theas go maith ann.
Mar chuid de na gairdíní tá gnéithe fíoráille mar an linn ornáideach, gairdíní pléisiúir foirmiúla, teach oráistí agus teampall gréine. Ba é James Hugh Smith-Barry a leag amach iad sa chéad leath den naoú haois déag. Tá Teach Fhóite, teach sinseartha chlann Smith-Barry, fós ina sheasamh. Ar an oileán céanna leis an teach, an chrannlann agus na gairdíní tá óstán agus ionad saoire gailf agus páirc fiadhúlra.
Gailearaí
Uaireanta Oscailte
Oscailte ó cheann ceann na bliana ag na hamanna atá tugtha thios.
Turais faoi Threoir: Trí shocrú amháin, Luan – Aoine
Meánfhad Turais: 1 – 2 uair an chloig
Fógra
Dúnta laethanta saoire na Nollag
Uaireanta Oscailte Séasúracha
- Crannlann
- Aibreán – Deireadh Fómhair 
 Gach lá 09:00 – 18:00- Samhain – Márta 
 Gach lá 09:00 – 17:00
Tabhair cuairt anseo
Oileán Fota, Cuan Chorcaí. Neas. 14 ciliméadar ó Chathair Chorcaí ar bhóthar an Chóibh Seirbhís rialta traenach ó chathair Chorcaí go stáisiún Fota.
Roghnaigh modh taistil
Áiseanna
- Carrchlós
- Leithris
Srianta
Suíomhanna cóngarach
- Crannlann agus Gairdíní Fhóite
- Caisleán Chúirt an Bharraigh- Túrtheach breá Éireannach a bhfuil lorg catha air - Timpeall 3.5 km ón Crannlann agus Gairdíní Fhóite 
- Daingean Míleata Rinn Chorráin- Daingean míleata réaltchruthach a sheas an fód ar feadh na gcéadta bliain - Timpeall 25.6 km ón Crannlann agus Gairdíní Fhóite 
- Caisleán Iarla Dheasumhan, Cionn tSáile- Foirgneamh ag croílár stair Chionn tSáile - Timpeall 25.6 km ón Crannlann agus Gairdíní Fhóite 











