Caisleán Iarla Dheasumhan, Cionn tSáile
Foirgneamh ag croílár stair Chionn tSáile
Dúnta mar gheall ar oibreacha caomhnaithe
Ionad dúnta
Tá an suíomh seo dúnta don bhliain 2024
Cead isteach
Duine Fásta: €5.00
Grúpa & Seanóir: €4.00
Leanbh/Mac Léinn: €3.00
Teaghlach : €13.00
Caisleán Iarla Dheasumhan, Cionn tSáile
Tá Caisleán Dheasmhumhan i gCionn tSáile ó thart ar 1500. Is túrtheach uirbeach clasaiceach é ina bhfuil daingean trí stór le stórais ar chúl.
Thóg Muiris Bacach Mac Gearailt, Iarla Dheasmhumhan, an caisleán ar dtús mar theach custaim an bhaile. Ba phríosún é sa seachtú haois déag agus san ochtú haois déag. De bharr go mbíodh príosúnaigh Fhrancacha ann den chuid is mó, mar aon le Spáinnigh, Portaingéalaigh, Dúitsigh agus Meiriceánaigh, bhí sé aitheanta go háitiúil mar an Príosún Francach agus maireann an leasainm sin go fóill sa lá atá inniu ann. Baineadh úsáid as an bhfoirgneamh mar stór ordanáis le linn Chath Chionn tSáile (1601) agus bhí sé mar theach na mbocht le linn an Ghorta Mhóir.
Níl amhras ar bith ach go raibh stair bhríomhar ag baint le Caisleán Dheasmhumhan agus lean sé sin ar aghaidh go dtí an 20ú haois. Ag tús na 1900idí baineadh úsáid as mar ionad do chruinnithe áitiúla Chonradh na Gaeilge agus sa deireadh, sna 1930idí, bhí gnó mór adhlacóireachta ag feidhmiú ó laistigh den Séadchomhartha Náisiúnta.
Gailearaí
Uaireanta Oscailte
Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil an suíomh seo dúnta mar gheall ar oibreacha caomhnaithe.
Leithscéalta as aon mhíchaoithiúlacht a ba chúis leis.
Tabhair cuairt anseo
I mbaile Chionn tSáile, 300 méadar ó stáisiún na nGardaí (na Póilíní) ar shráid Chorcaí. Gar do Mhainistir na gCairmilíteach.
Roghnaigh modh taistil
Áiseanna
- Taispeántas
- Turais threoraithe
- Taispeántas léirmhínitheach
Srianta
- Caithfidh duine fásta bheith in éineacht le leanaí i gcónaí
- Coinnigh an ráille láimhe
- Rochtain Theoranta
- Céimeanna géara agus míchothrom
Suíomhanna cóngarach
Caisleán Iarla Dheasumhan, Cionn tSáile
Daingean Míleata Rinn Chorráin
Daingean míleata réaltchruthach a sheas an fód ar feadh na gcéadta bliain
Timpeall 2.1 km ón Caisleán Iarla Dheasumhan, Cionn tSáile
Crannlann agus Gairdíní Fhóite
Téigh ag fámaireacht thart ar ósais oileánda de fhlóra neamhchoitianta andúchasacha
Timpeall 25.6 km ón Caisleán Iarla Dheasumhan, Cionn tSáile
Caisleán Chúirt an Bharraigh
Túrtheach breá Éireannach a bhfuil lorg catha air
Timpeall 28.5 km ón Caisleán Iarla Dheasumhan, Cionn tSáile