Caisleán an Rois
Daingean cois locha atá ar maos le seanchas
Dúnta
Ionad dúnta
Cead isteach
Duine Fásta: €5.00
Grúpa/Seanóir: €4.00
Gasúr/Mac Léinn: €3.00
Teaghlach: €13.00
Follow us
Caisleán an Rois
Tá Caisleán an Rois suite i ngóilín ar Loch Léin. Is cosúil gur thóg an taoiseach Gaelach Ó Donnchú Mór é sa chúigiú haois déag.
De réir an tseanchais, tá Ó Donnchú ina chodladh fós faoi uisce an locha. Gach seacht mbliana, ar an gcéad mhaidin de Mhí na Bealtaine, éiríonn sé aníos ar a chapall breá bán. Má éiríonn leat spléachadh a fháil air, beidh rath ort ar feadh an chuid eile de do shaol.
Ba é Caisleán an Rois an áit deiridh i gCúige Mumhan a sheas an fód i gcoinne Chromail. Bhí a chuid cosantóirí, a bhí faoi cheannas Thiarna Mhúscraí ag an am, dóchasach de bharr tairngreachta a dúirt nach bhféadfadh ach long an caisleán a ghabháil. Bhí eolas ag an nGinearál Ludlow, ceannasaí arm Chromail, ar an tairngreacht agus chuir sé bád mór amach ar an loch. Nuair a chonaic na cosantóirí é, cuireadh dlús leis an ngéilleadh, agus fíoraíodh an tairngreacht.
Gailearaí
Uaireanta Oscailte
29 Feabhra – 5 Samhain 2024
Gach Lá:09:30- 17:45
Cead istaeach deireanach 17:00
Fógra
Níl rochtain go héasca dóibh siúd le míchumais.
Tabhair faoi deara, le do thoil, gur láthair thar a bheith gnóthach é seo agus d’fhéadfadh go mbeadh moill ann i rith mhíonna an tsamhraidh.
Caithfidh grúpaí le 10 daoine nó níos mó cuairt a chur in áirithint roimhré.
15 duine ar a mhéad in aghaidh an turais.
An turas treoraithe deiridh 16:55.
Teagmháil
Caisleán an Rois,
Bóthar an Rois,
Cill Airne,
Co. Chiarraí
V93 V304
064 663 5851
Tabhair cuairt anseo
2km ó Chill Airne, gar don N71 (Bóthar Neidín)
Roghnaigh modh taistil
Áiseanna
- Bróisiúr
- Carrchlós
- Card Accepted
- Taispeántas
- Turais threoraithe
- Taispeántas léirmhínitheach
- Músaem
- Leithris
- Bealach siúil
- Tá rochtain éasca ag cathaoireacha rothaí air
Srianta
- Madraí ar iall
- Coinnigh an ráille láimhe
- Níl aon leithreas
- Siúlóidí míchothrom
Suíomhanna cóngarach
Caisleán an Rois
Oileán an Chuilinn
Gairdín oileánda ina bhfuil áilleacht uathúil
Timpeall 33.9 km ón Caisleán an Rois
Ardeaglais Ard Fhearta
Trí shéipéal mheánaoiseacha tiomanta do Naomh Breandán
Timpeall 36.2 km ón Caisleán an Rois
Caisleán Lios Tuathail
Urdhún deireanach na Mhuireasach
Timpeall 44.9 km ón Caisleán an Rois
Achmhainní
Treoir Shóisialta
Íoslódáil, priontáil agus léigh ár dtreoir shóisialta (PDF) faoi chuairt a thabhairt ar Chaisleán Rois. Cuideoidh sé seo le cuairteoirí céaduaire, teaghlaigh agus daoine faoi mhíchumas forbartha agus foghlama ullmhú le haghaidh cuairte ar Chaisleán Rois.
Íoslódáil an Treoir Shóisialta