Caisleán Bhaile Átha Troim
An siombal is mó le rá de chaithréim na Normannach
Deireadh Seachtaine
Tá Caisleán Bhaile Átha Troim oscailte ag an deireadh seachtaine amháin ón Satharn 04 Eanáir 2025 go dtí Lár Feabhra
Cead isteach
Turas treoraithe den Daingean
Duine Fásta: €5.00
Grúpa & Seanóir: €4.00
Leanbh / Mac Léinn: €3.00
Teaghlach: €13.00
Tailte an Chaisleáin
Saor in aisce
Follow us
Caisleán Bhaile Átha Troim
Is beag áit in Éirinn a bhfuil níos mó foirgneamh meánaoiseach ann ná baile oidhreachta Bhaile Átha Troim. Tá Caisleán Bhaile Átha Troim ar an bhfoirgneamh is iomráití díobh.
Déanta na fírinne, is é an caisleán an daingean Angla-Normannach is mó in Éirinn. Chaith Hugh de Lacy agus a chomharbaí 30 bliain á thógáil.
Is daingean ollmhór trí stór é an daingean láir. Bhí an túr ollmhór seo, a bhfuil 20 taobh aige agus a bhfuil cruth croschruthach air, nach mór do-ionsaithe lá dá raibh. Bhí sé cosanta ag díog, imbhalla agus móta a bhí líonta le huisce.
Tá cosáin siúil nua-aimseartha ann anois chun ligean duit féachaint síos thar an taobh istigh den daingean – deis féachaint ar mhéid agus ar thiús bhallaí an chaisleáin mhaorga.
Tugtar Caisleán Rí Eoin ar an gcaisleán go minic, cé nuair a thug sé cuairt ar an mbaile, b’fhearr leis fanacht ina phuball ar an taobh eile den abhainn. Thug Risteárd II cuairt ar Bhaile Átha Troim in 1399 agus d’fhág sé an Prionsa Hal, Anraoi V ina dhiaidh sin, mar phríosúnach sa chaisleán.
Gailearaí
Uaireanta Oscailte
Uaireanta Oscaite Séasúracha :
Fógra
Tabhair faoi deara, le do thoil, gur láithreán an-ghnóthach é seo, agus go bhféadfadh moilleanna a bheith i gceist le linn an tsamhraidh. Ní féidir ráthaíocht a thabhairt go mbeidh tú in ann rochtain a fháil air. Tar go luath, le do thoil, chun nach mbeidh díomá ort.
Níl an Daingean inrochtana ag cuairteoirí faoi mhíchumas agus níl ach rochtain theoranta acu ar thailte an chaisleáin. Tá painéil mhínithe ar thailte an chaisleáin agus mar sin is féidir leat do thuras féin a threorú.
Uaireanta Oscailte Séasúracha
- Eanáir
Ar oscailt ón Satharn 4 Eanáir 2025
09:00 – 16:00
Deireadh seachtaine amháin
- 1 Feabhra - Lár mhí Feabhra
Deireadh seachtaine amháin
09:30 – 16:30
- Lár mhí Feabhra - 16 Márta
Gach lá
09:30 – 16:30
- 17 Márta - 30 Meán Fómhair
Gach lá
10:00 – 17:00
- Deireadh Fómhair
Gach lá
09:30 – 16:30
- Samhain - Nollaig
Deireadh seachtaine amháin
09:00 – 16:00
Tabhair cuairt anseo
Lár Bhaile Átha Troim
Roghnaigh modh taistil
Áiseanna
- Card Accepted
- Siopa bronntanas
- Turais threoraithe
- Bealach abhann
- Leithris
- Bealach siúil
Srianta
- Madra treorach amháin
- Rochtain Theoranta
- Ná dreap
Suíomhanna cóngarach
Caisleán Bhaile Átha Troim
Teamhair
Faigh blaiseadh d’oidhreacht na n-ardríthe
Timpeall 12.0 km ón Caisleán Bhaile Átha Troim
Caisleán Mhaigh Nuad
Spléachadh ar shaol i ndaingean Normannach
Timpeall 23.2 km ón Caisleán Bhaile Átha Troim
Ionad Cuairteoirí Bhrú na Bóinne: Sí an Bhrú, Cnóbha agus Dubhadh
Tabhair cuairt ar an tírdhreach seandálaíochta is saibhre in Éirinn
Timpeall 27.2 km ón Caisleán Bhaile Átha Troim
Achmhainní
Íoslódáil, priontáil agus léigh ár dtreoir shóisialta (PDF) faoi chuairt a thabhairt ar Chaisleán Bhaile Átha Troim. Cuideoidh sé seo le cuairteoirí céaduaire, teaghlaigh agus daoine faoi mhíchumas forbartha agus foghlama ullmhú le haghaidh cuairte ar Chaisleán Bhaile Átha Troim.
Download Trim Castle Social Guide