Caisleán Mhaigh Nuad
Spléachadh ar shaol i ndaingean Normannach
10 Aibreán – 24 Meán Fómhair 2025
Due to reopen April 10th 2025
Caisleán Mhaigh Nuad
Bunaíodh an caisleán cloiche maorga seo go luath sa tríú haois déag. Bhí sé mar cheanncheathrú ag muintir Mhic Gearailt, iarlaí Chill Dara, agus iad ag teacht chun cinn mar cheann de na teaghlaigh ba chumhachtaí in Éirinn. Bhí Gearóid Mór, ar a dtugtaí Iarla Mór Chill Dara, i gceannas ar Éirinn in ainm an rí ó 1487 go dtí 1513.
Bhí Caisleán Mhaigh Nuad ar cheann de na háitribh ba mhó agus ba shaibhre de chuid Mhic Gearailt. Bhí an daingean bunaidh, ar cuireadh tús leis thart ar 1200, ar cheann de na cinn ba mhó dá shamhail in Éirinn. Taobh istigh, bhí an halla mór mar chroílár na cumhachta polaitíochta agus an chultúir.
30 ciliméadar taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, tá Caisleán Mhaigh Nuad lonnaithe i suíomh atá níos cúlráidí ná mar a bheifí ag súil leis, i lár an bhaile, le tailte slachtmhara agus neart duilliúir. Tá taispeántas fíorshuimiúil sa daingean ar stair an chaisleáin agus an teaghlaigh.
Gailearaí
Uaireanta Oscailte
Fógra
Rochtain theoranta do chuairteoirí faoi mhíchumas
Ní mór do gach grúpa deichniúir nó níos mó ná deichniúr áit a chur in áirithe roimh ré.
Tabhair cuairt anseo
Baile Mhaigh Nuad, tuairim is 30km siar ó lár Bhaile Átha Cliath ar an N4
Roghnaigh modh taistil
Áiseanna
- Taispeántas
- Turais threoraithe
- Limistéar Picnice
Srianta
- Níl aon leithreas
Suíomhanna cóngarach
Caisleán Mhaigh Nuad
Teach agus Fearann Páirce Bhaile an Chaisleáin
An chéad teach mór Pallaidiach in Éirinn agus an ceann is breátha
Timpeall 5.5 km ón Caisleán Mhaigh Nuad
Teach agus Gairdíní Farmleigh
Teach mór eicléictiúil Éadbhardach agus teach aíochta stát na hÉireann
Timpeall 15.7 km ón Caisleán Mhaigh Nuad
Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce agus Caisleán Bhaile an Ásaigh
Seoid mheánaoiseach athaimsithe agus a diméin
Timpeall 17.6 km ón Caisleán Mhaigh Nuad