Teach agus Fearann Páirce Bhaile an Chaisleáin
An chéad teach mór Pallaidiach in Éirinn agus an ceann is breátha
Tá Teach Bhaile an Chaisleáin, Caifé na Cúirte agus Gairdíní Bithéagsúlachta dúnta faoi láthair mar gheall ar cheisteanna oibríochtúla leanúnacha
Páirceanna oscailte faoi láthair gach lá ó to 8:30 go 17:30
Teach agus Fearann Páirce Bhaile an Chaisleáin
Tá Baile an Chaisleáin suite i measc fearann páirce álainn ón ochtú haois déag ar bhruach na Life i gCill Droichid, Contae Chill Dara.
Tógadh an teach thart ar an mbliain 1722 do William Conolly, Spéicéir Theach na dTeachtaí in Éirinn, agus rinne roinnt ailtirí mór le rá é a dhearadh. Bhí sé i gceist gur léiriú a bheadh ann ar an gcumhacht a bhí ag Conolly agus go mbeadh sé mar ionad chun siamsaíocht ar mhórscála a chur ar fáil do pholaiteoirí. Nuair a tógadh Baile an Chaisleáin, bhí tráchtairí ag súil ‘go mbeadh sé mar eiseamláir den Ríocht, agus de na rudaí annamha go léir a bhí ar a hacmhainn’.
Bhí rath ar an eastát faoi Thomás, garnia William Conolly, agus faoina bhean chéile, an Bhantiarna Louisa, a chaith mórán dá saol ag cur feabhais ar a teach cónaithe.
Sa lá atá inniu ann, tá bailiúchán suntasach pictiúr, troscáin agus ’objets dart i mBaile an Chaisleáin. Ar na nithe is suntasaí atá ann, tá coinnleoirí craobhacha de ghloine Murano ón ochtú haois déag agus an t-aon seomra priontála de chuid an ochtú haois déag sa tír atá go hiomlán slán go fóill.
Tá sé ar an teach mór tuaithe sa stíl Phallaidiach is áille in Éirinn.
Buaicphointí
Gailearaí
Uaireanta Oscailte
An Fearann Páirce:
Tailte Páirce Oscailte – 9:30 – 16:30
Tabhair cuairt anseo
Tá rochtain éasca ar Bhaile an Chaisleáin ar iompar poiblí.
Bus:
Ó Lár Chathair Bhaile Átha Cliath: Téann an C4 ó Bhóthar na Rinne trí Chéanna Lár na Cathrach go sráidbhaile Chill Droichid. Tuirlingt ag stad 3907 agus tá Geataí Bhaile an Chaisleáin os do chomhair.
Téann bus 120 (a oibríonn Go-Ahead) ó Lár Chathair Bhaile Átha Cliath i dtreo Éadan Doire. Tóg an 120 go stop 7085, English Row, agus siúil suas an Phríomhshráid go Geataí Bhaile an Chaisleáin.
Traein:
Ó stáisiún traenach Chollchoille, tóg an bus W61 go dtí Phríomhshráid Chill Droichid, stad uimhir 3907 agus tá Geataí Bhaile an Chaisleáin os do chomhair.
Carr:
Tabhair faoi deara le do thoil nach bhfuil aon pháirceáil cairr do chuairteoirí, nó rochtain i gcarr, ar thailte Theach Bhaile an Chaisleáin
Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath ar an M4, tóg bealach amach 5 (Léim an Bhradáin Thoir, Cill Droichid Thoir). Lean ar aghaidh ar an R403 go sráidbhaile Chill Droichid. Gabh ar dheis nuair a théann tú thar an droichead agus tá geataí Bhaile an Chaisleáin ag barr an bhóthair seo os do chomhair.
Roghnaigh modh taistil
Áiseanna
- Seomra Gléasta Páiste
- Bealach Rothar
- Bróisiúr
- Carrchlós
- Card Accepted
- Taispeántas
- Siopa bronntanas
- Ardaitheoir
- Limistéar Picnice
- Bealach abhann
- Leithris
- Bealach siúil
- Leithreas inrochtana
- Wi-Fi
Srianta
- Madraí ar iall
- Coinnigh an ráille láimhe
- Fan ar ais ón imeall
- Siúlóidí míchothrom
Suíomhanna cóngarach
Teach agus Fearann Páirce Bhaile an Chaisleáin
Caisleán Mhaigh Nuad
Spléachadh ar shaol i ndaingean Normannach
Timpeall 5.5 km ón Teach agus Fearann Páirce Bhaile an Chaisleáin
Teach agus Gairdíní Farmleigh
Teach mór eicléictiúil Éadbhardach agus teach aíochta stát na hÉireann
Timpeall 11.5 km ón Teach agus Fearann Páirce Bhaile an Chaisleáin
Páirc an Fhionnuisce agus Lárionad Bithéagsúlachta
An áit a nglactar anáil i mBaile Átha Cliath
Timpeall 13.3 km ón Teach agus Fearann Páirce Bhaile an Chaisleáin