Skip to content

Oidhreacht Éireann

Ionad Cuairteoirí Chath na Bóinne – Eastát an tSeandroichid

Áit ar throid beirt ríthe ar mhaithe le todhchaí na hEorpa

Amanna oscailte go léir

Ionad Cuairteoirí Chath na Bóinne – Eastát an tSeandroichid

Áit ar throid beirt ríthe ar mhaithe le todhchaí na hEorpa

See all opening times

Cead isteach

Duine Fásta €5.00
Grúpa/Seanóir €4.00
Páiste/Mac Léinn €3.00
Teaghlach €13.00
Saorchead isteach chuig na páirceanna (siúlbhealaí thalamh an chatha).
Saorchead isteach saor in aisce don Taispeántas ar feadh tréimhse teoranta amháin.

Getting here

Cath na Bóinne
An Seandroichead
Droichead Átha
Contae na Mí
A92 CY68

Get Directions

Follow us

Ionad Cuairteoirí Chath na Bóinne – Eastát an tSeandroichid

Ar an 1 Iúil 1690 (Seanstíl), throid an Rí Liam III agus a athair céile, an Rí Séamas II, in aghaidh a chéile ag an mBóinn sa Seandroichead i gContae na Mí.

Bhí an bheirt ríthe i gceannas go pearsanta ar a gcuid arm. Bhí 36,000 fear ar thaobh Rí Liam agus 25,000 ar thaobh na Seacaibíteach. Ba é sin an líon ba mhó saighdiúirí a throid riamh ar láthair chatha in Éirinn. Bhí coróin na Breataine, forlámhas na Fraince san Eoraip agus cumhacht reiligiúnach in Éirinn idir dhá cheann na meá. Bhí an bua ag Liam – agus athraíodh an mhór-roinn go deo.

Tá ionad cuairteoirí Chath na Bóinne ar pháirc an chatha féin, i dteach ón ochtú haois déag, a ndearnadh athchóiriú air le déanaí. Tá airm ón am sin san ionad agus múnla léasair de pháirc an chatha. Is taisce iontach é do dhuine ar bith atá ag iarraidh tuilleadh eolais faoin eachtra fhíorthábhachtach seo i stair na hÉireann agus na hEorpa.

Uaireanta Oscailte

Ar oscailt i rith na bliana

Ní mór do gach grúpa cuairt a chur in áirithe roimh ré.

Cead isteach deireanach: Uair an chloig sula ndúntar é

Meánfhad na cuairte: An tIonad Cuairteoirí – Uair an chloig Siúlóidí Féintreoraithe – Uair 

 

Fógra

Páirceanna: Dúntar geata na siúlbhealaí leathuair an chloig roimh dhúnadh na háite. Tá cead ag daoine madraí a thabhairt leo ach ní mór iad a choinneáil ar iall.
Ná rothaítear ar na siúlbhealaí. Ná lastar tinte. Ná bítear ag campáil.

Rogha ag duine siúlóid fhéinthreoraithe a thabhairt air féin ar shiúlbhealaí Thalamh an Chatha agus cois Abhainn na Bóinne. Bítear san airdeall – uisce doimhin.

Uaireanta Oscailte Séasúracha

Eanáir - Aibreán

Gach lá 09:00- 16:00

Bealtaine – Meán Fómhair:

Gach lá 10:00 – 17:00

Deireadh Fómhair – Nollaig

Gach la 09:00 – 16:00

Teagmháil

Cath na Bóinne
An Seandroichead
Droichead Átha
Contae na Mí
A92 CY68

041 980 9950

Tabhair cuairt anseo

Tá Ionad na gCuairteoirí suite ar an mbruach theas d’Abhainn na Bóinne, 4 ciliméadar ó thuaidh ó Shráidbhaile Dhún Uabhair taobh leis na mótorbhealaí M1 agus L21.

Oscail suíomh i Google Maps

Roghnaigh modh taistil

Áiseanna

  • Seó Closamhairc
  • Caifé
  • Carrchlós
  • Card Accepted
  • Páirceáil cóiste
  • Taispeántas
  • Siopa bronntanas
  • Turais threoraithe
  • Leithris
  • Leithreas inrochtana

Srianta

  • Madraí ar iall

Achmhainní

Treoir Shóisialta

Íoslódáil, priontáil agus léigh ár dtreoir shóisialta (PDF) faoi chuairt a thabhairt ar Chath na Bóinne. Cuideoidh sé seo le cuairteoirí céaduaire, teaghlaigh agus daoine faoi mhíchumas forbartha agus foghlama ullmhú le haghaidh cuairte ar Chath na Bóinne.

Íoslódáil an Treoir Shóisialta

Acmhainní Oideachais

Suíomhanna cóngarach

B’fhéidir gur mhaith leat freisin

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.