Teamhair
Faigh blaiseadh d’oidhreacht na n-ardríthe
Teamhair
Tá tábhacht ag baint le Teamhair ón gClochaois dhéanach, nuair a tógadh tuama pasáiste ann. Ach, suíomh an-suntasach ba ea é san Iarannaois (600 RCh go dtí 400 AD) agus isteach sa Luathré Chríostaí nuair a bhí sé i mbarr a réime – mar lárionad ag ardríthe na hÉireann. Téann gach seanbhóthar in Éirinn i dtreo an tsuímh thábhachtaigh seo.
Chuaigh Naomh Pádraig féin ann sa chúigiú haois. De réir mar a tháinig an Chríostaíocht chun cinn sna haoiseanna ina dhiaidh sin, bhain tábhacht shiombalach le Teamhair. Tá na hallaí agus na páláis imithe anois agus níl fágtha ach créfort.
Fós féin, tá radhairc shuntasacha le feiceáil ann. Sampla amháin is ea Lia Fáil – an chloch chorónaithe agus ceann de na ceithre sheoid a bhí ag Tuatha Dé Danann – a sheasann go bródúil ar an séadchomhartha ar a dtugtar An Forradh.
Cuideoidh turais treoraithe leat tuiscint a fháil ar stair ríoga na háite iontaí seo agus a sean-áilleacht a shamhlú.
Buaicphointí
Gailearaí
Uaireanta Oscailte
Rochtain ar Teamhair ar feadh na bliana
Gach lá 10:00 – 17:00
Ionad Cuairteoirí Uaireanta Oscailte: 9 Bealtaine – 11 Meán Fómhair
Gach lá 10:00 – 18:00
Cead isteach deiridh 17:00
Is féidir le cuairteoirí leas a bhaint as seo Closamhairc saor in aiscesan Ionad Cuairteoirí (Eaglais). Tá an Seó Closamhairc ar fáil i mBéarla, i Ngaeilge, i bhFraincis, i nGearmáinis,in Iodáilis, i Spáinnis agus i Seapáinis. Maireann sé 25 nóiméad.
Tá turais threoraithe saor in aisce gach lá.
Fógra
Tá a lán den turas faoin aer agus moltar do chuairteoirí éadaí síondíonacha a chaitheamh chomh maith le bróga oiriúnacha do shiúlóid ar thalamh aimhréidh.
Tá rochtain teoranta ann do chuairteoirí atá faoi mhíchumas.
Madraí ar seolta í gcónaí.
Áiseanna
- Seó Closamhairc
- Siopa bronntanas
- Turais threoraithe
Srianta
- Madraí ar iall
- Rochtain Theoranta
Suíomhanna cóngarach
Teamhair
Caisleán Bhaile Átha Troim
An siombal is mó le rá de chaithréim na Normannach
Timpeall 12.0 km ón Teamhair
Ionad Cuairteoirí Bhrú na Bóinne: Sí an Bhrú, Cnóbha agus Dubhadh
Tabhair cuairt ar an tírdhreach seandálaíochta is saibhre in Éirinn
Timpeall 16.7 km ón Teamhair
Ionad Cuairteoirí Chath na Bóinne – Eastát an tSeandroichid
Áit ar throid beirt ríthe ar mhaithe le todhchaí na hEorpa
Timpeall 20.5 km ón Teamhair
Achmhainní
Treoir Shóisialta
Íoslódáil, priontáil agus léigh ár dtreoir shóisialta (PDF) faoi chuairt a thabhairt ar Hill of Tara. Cuideoidh sé seo le cuairteoirí céaduaire, teaghlaigh agus daoine faoi mhíchumas forbartha agus foghlama ullmhú le haghaidh cuairte ar Hill of Tara.
Acmhainní Oideachais
Féach ar ár nAcmhainní Oideachais do Hill of Tara
(4 acmhainní)