Reilig Mheigiliteach Loch Craobh
Buaicphointe na healaíne agus an dearaidh Neoilitigh
29 Bealtaine - 03 Meán Fómhair 2025
Due to reopen May 29th 2025
Cead isteach
Saor in aisce
Follow us
Reilig Mheigiliteach Loch Craobh
Is grúpa de thuamaí pasáiste Neoiliteacha gar don Seanchaisleán i gContae na Mí iad Cairn Loch Craobh, a dtugtar Cnoic na Caillí orthu freisin. Scaipthe thar cheithre bhinn dhroimneacha, is tuamaí ársa iad, a théann siar chomh fada le 3000 RCh.
Tá Carn T ar cheann de na tuamaí is mó ar an láthair. Tá seomra croschruthach agus díon coirbéalta laistigh de, mar aon le cuid de na samplaí is áille d’ealaín Neoiliteach na hÉireann. Tá an carn ailínithe le héirí na gréine ag cónochtaí an earraigh agus an fhómhair, agus ag na hamanna sin, cruinníonn daoine le chéile chun beannú do chéad ghathanna na gréine.
Tugann turais treoraithe den suíomh eolas maidir le stair agus miotaseolaíocht na séadchomharthaí iontacha seo.
Buaicphointí

Gailearaí
Uaireanta Oscailte
Fógra
Tá an dreapadh go Carn T an-ghéar. Iarrtar ar chuairteoirí coisbheart oiriúnach a chaitheamh agus a bheith cúramach.
Níl rochtain ag cathaoireacha rothaí.
Tá an bóthar isteach an-chúng agus caithfear a bheith an-chúramach.
Níl rochtain ar taobh istigh de Carn T faoi láthair mar gheall ar oibreacha caomhnaithe.
Ní dhéanann na noibracha seo difear don rochtain ar na séadchomharthaí eile ar an gcnoc.
Tabhair cuairt anseo
3 km soir ó An Seanchaisleán, ó’n R163, tuairim is 80 km siar ó thuaidh ó Bhaile Átha Cliath
Roghnaigh modh taistil
Áiseanna
- Bróisiúr
- Carrchlós
- Turais threoraithe
Srianta
- Madraí ar iall
- Rochtain Theoranta
- Ná dreap
Suíomhanna cóngarach
Reilig Mheigiliteach Loch Craobh
Mainistir Bhaile Fhobhair
Aimsigh oidhreacht rúndiamhair Naomh Feichín
Timpeall 10.1 km ón Reilig Mheigiliteach Loch Craobh
Caisleán Bhaile Átha Troim
An siombal is mó le rá de chaithréim na Normannach
Timpeall 30.0 km ón Reilig Mheigiliteach Loch Craobh
Teamhair
Faigh blaiseadh d’oidhreacht na n-ardríthe
Timpeall 37.8 km ón Reilig Mheigiliteach Loch Craobh
Achmhainní
Treoir Shóisialta
Íoslódáil, priontáil agus léigh ár dtreoir shóisialta (PDF) faoi chuairt a thabhairt ar Loughcrew Cairns. Cuideoidh sé seo le cuairteoirí céaduaire, teaghlaigh agus daoine faoi mhíchumas forbartha agus foghlama ullmhú le haghaidh cuairte ar Loughcrew.
Íoslódáil an Treoir Shóisialta