Skip to content

Oidhreacht Éireann

Buaicphointí Láithreán Mainistreach na Seanmhainistreach Móire (6)

  1. Síocháin agus Suaimhneas

    Síocháin agus Suaimhneas

    Suite in aice leis an Máiteog i gContae Lú, bhí an Mhainistir Mhór ar an mainistir is cumhachtaí in Éirinn sna meánaoiseanna. Sa lá atá inniu ann níl fuadar fuinniúil faoin láithreán a thuilleadh, ach is tearmann síochána agus suaimhnis é.  Agus iad a roghnú suíomh a dtithe, bhí sé mar threoirphrionsabal ag na Cistéirsigh bheith i ngaireacht le huisce. Agus tú ag siúl i measc na bhfothracha, lig duit féin a bheith faoi dhraíocht ag ceol nádúrtha na Máiteoige.

  2. Buail isteach san Ionad Cuairteoirí

    Buail isteach san Ionad Cuairteoirí

    Buail isteach inár n-ionad cuairteoirí, áit ar féidir leat gach rud faoi stair na gCistéirseach a léamh, agus go háirithe faoin mhainistir seo. Agus tú ag éisteacht le fuaim uaigneach an chantaireacht meánaoiseach, cuardaigh marcanna na saoir ar na clocha snoite áille. Féach suas ar na cinn snoite agus samhlaigh an stair go léir a chonaic siad. Féach go géar ar ár múnla 3D agus faigh amach cén chuma a bhí ar an mainistir nuair a bhí sí i mbarr a réime.

  3. Bain sult as Turas

    Bain sult as Turas

    Téigh ar thuras treoraithe agus féach conas a chuireann focail ár dtreoraithe eolacha beocht i stair an áit álainn seo. Is deis iontach é an suíomh a fhiosrú ina gcómhluadar agus machnamh a dhéanamh ar chumhacht spioradálta an tsuímh iontaigh seo.

  4. Cas amhrán i dTeach na Caibidle

    Cas amhrán i dTeach na Caibidle

    Cas amhrán i dTeach na Caibidle, mar a rinne na manaigh tráth, agus éist leis an bhfuaimíocht aoibhinn. Scrúdaigh na tíleanna lámhdhéanta galánta ón tríú haois déag ar an urlár agus tabhair faoi deara na móitífeanna nádúrtha áille a d’úsáid na healaíontóirí.

  5. Fiosraigh an Seomra Téite

    Fiosraigh an Seomra Téite

    Tabhair cuairt ar na foirgnimh sa chuid theas den láithreán, áit a raibh an bhialann agus an otharlann ina seasamh uair amháin, agus breathnaigh isteach sa seomra téite. Bhí sé seo ar cheann den bheagán áiteanna sa mhainistir ina lasfaí tine. Sa seomra seo d’fhéadfadh daoine scothaosta agus breoite den phobal iad féin a choinneáil te.

  6. Bain Sásamh as an Lavabo

    Bain Sásamh as an Lavabo

    Tóg do phictiúr in aice le gné an-speisialta – an lavabo. Breathnaítear air seo mar shárshaothar d’ailtireacht Rómhánúil dhéanach agus is é an t-aon lavabo a tógadh in Éirinn. Bhí sé in úsáid mar sheomra níocháin meánaoiseach, ina raibh scairdeán ann ar dtús a úsáideadh le haghaidh glantacháin fisiciúil agus spioradálta. Is as an scairdeán seo a ainmníodh ‘Mellifont’ (a chiallaíonn ‘scairdeán meala’).

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.