Skip to content

Oidhreacht Éireann

Buaicphointí Láthair Mhainistreach agus Ionad Cuairteoirí Ghleann Dá Loch (5)

  1. Turas Closamhairc

    Turas Closamhairc

    Suigh siar agus breathnaigh ar ár scannán tarraingteach faoi mhainistreacha na hÉireann. Fiosraigh scéal Naomh Caoimhín, duine de na naoimh is iomráití in Éirinn, a bhunaigh Gleann Dá Loch, agus faoin gcaoi ar bhain sé cáil amach mar cheann de na hionaid Chríostaí is cáiliúla san Eoraip.

  2. Macasmhal na Séadchomharthaí

    Macasmhal na Séadchomharthaí

    Scrúdaigh ár ndiorama 3D, ina n-athchruthaítear an ‘Chathair Mhainistreach’ mar a cheaptar a raibh sé sa dara haois déag. Féach an féidir leat príomhghnéithe an láithreáin a fheiceáil, an cloigtheach, teampaill chloiche mheánaoiseacha, crosa maisithe, tithe cónaithe agus clósanna feirme ina measc.

  3. An Túr

    An Túr

    I measc na séadchomharthaí ar fad ar an suíomh, b’fhéidir gurb é an cloigtheach, atá 30 m ar airde, an iarsma a théann i bhfeidhm ar an tsúil is mó. Agus tú ag tabhairt cuairte ar an bhfoirgneamh maorga seo, samhlaigh bheith ag faire amach uaidh ar do naimhde ag druidim isteach, tearmann a fháil ó ionsaí ann, nó radharc a fháil air ó i bhfad i gcéin, ag ardú ó chroí an ghleanna, agus fios agat go bhfuil d’oilithreacht fhada, chrua ag druidim chun deiridh.

  4. An Dá Loch

    An Dá Loch

    Téigh ag spaisteoireacht timpeall an dá loch álainn as ar ainmníodh Gleann Dá Loch agus faigh amach cén fáth go bhfuil cáil ar an áit seo mar cheann de na háiteanna is gleoite in Éirinn. Breathnaigh le haoibhneas ar scáil na sléibhte san uisce ciúin gorm ar lá samhraidh, féach ar cheo an fhómhair ag éirí as na lochanna, nó bain taitneamh as suaimhneas an ghleann faoi sneachta. Is cinnte go bhfeicfidh tú radhairc iontacha, cibé am a dtiocfaidh tú.

  5. Siúlóid na Spince

    Siúlóid na Spince

    Má tá dúil agat i ndeis sóláis agus machnaimh i suaimhneas suíomh sléibhe, mar a bhí ag Naomh Caoimhín é féin, bainfidh tú tairbhe as Siúlóid na Spince. Conair lúibe 10 gciliméadar ar fhad atá coinnithe go maith,  is bealach iontach é Siúlóid na Spince chun atmaisféar uathúil an ghleanna álainn seo a shú isteach. Lean an chomharthaíocht ardchaighdeáin ar an taobh thuaidh den Loch Uachtarach, thar an sean-sráidbhaile mianadóireachta, feadh conaire creagaí cois Eas Ghleann Abhlach agus feadh an iomaire ag breathnú amach ar an ngleann.

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.